Cón Caife Uait?

Is beag duine nach mbeadh meallta ag cón uachtar reoite ar lá bréa gréine mar atá againn le tamall, ach an mbeifeá chomh tógtha céanna le cón caife?

Má ghlacann tú leis an méid atá á rá ag Dayne Levinrad, an barista a tháinig aníos leis an choincheap nua seo i ndomhan an chaife, is gearr go mbeidh na cupáin pháipéir á gcaitheamh uainn agus muid ag slógadh siar caife deas te ó chón.

Faoi láthair tá an Cón Caife á dhéanamh agus á dhíol sa Grind Cafe in Johannesburg na hAfraice Theas amháin, áit a n-oibríonn Dayne, ach más comhartha ar bith an aird atá á tarraingt aige ar líne le roinnt seachtainí anuas, seans nach fada go mbeifear ag baint suilt as anseo in Éirinn chomh maith.

Seoladh breis agus milliún giolc faoin haischlib #coffeeinacone agus tá lucht ólta caife Instagram thar a bheith spreagtha faoi.

instagram-cone-coffee

Ní gan dúshlán a tháinig an barista cumasach seo ar an Chón Caife, atá déanta d’abhlann (wafer), seacláid agus caife.

Mar a shílfeá, an deacracht is mó a bhí aige ná an caife te a bheith ag leá na seacláide agus na habhlainne.

Ceannaíodh inneall speisialta chun na cóin abhlainne a rolláil amach agus úsáideadh plúr éagsúil go dtí gur éirigh leis meascán an chaife a choinneáil ó bheith ag doirteadh amach fríd an chón.

coffee

Sa deireadh, cuireadh ceithre chineál seacláide agus abhlainne le chéile ar bhonn srathach.

Meastar go bhfuil tuairim is deich nóiméad ag custaiméirí an caife a chaitheamh siar sula dtosaíonn an cón ag leá.

Tugann sé brí úr le caife ‘gasta’ na maidine cinnte, ach bhí rath ar rudaí níos aistí a chairde!

SCÉALTA EILE