Cuachaigí le chéile!

Má shiúil tú trí Bharra an Teampaill le tamall gach seans gur aithin tú an seomra mór buí sa Temple Bar Gallery + Studios.

Is éard atá ann ná ealaín suiteála dar teideal ‘Huddle Tests’ leis an ealaíontóir Baile Átha Cliathach Rhona Byrne.

Tá an seomra clúdaithe ó bhun go barr le clúdach bog buí, agus cineálacha aisteacha de chultacha agus comh-hataí (is focal anois é) ar féidir a chaitheamh.

Mothaíonn an rud ar fad an-aisteach agus saorga agus is fiú go mór dul ann le grúpa daoine leis an mbraistint sin a bhlaiseadh.

Beidh an seomra ar oscailt go dtí 7 Samhain.

Saorchead isteach.


Tá íomhánna den tionscnamh ar leith seo le feiceáil thíos agus tuilleadh eolais faoi le fáil ar huddlewear.ie

huddlewear-2huddle-3huddle-4huddle-5

SCÉALTA EILE