Cuir Béirín ar do Bhoidín
Fobhrístí spraíúla ar fáil do na fir!

Tá comhlacht as an Liotuáin ag déanamh fobhrístí lán spraoi as seanbhéiríní agus éadaí caite, agus an-rath go deo orthu!

Tá fobhrístí lámhchniotáilte á ndíol ag My Sexy Shorts a rachaidh chun tairbhe do thóin agus do bhod in aimsir fhuar.

In áit cnaipí, mar a bhíonn ar ghnáth-fhobhrístí dornálaí, is féidir do rogha ainmhí – nathair nimhe, béirín nó eilifint – a bheith agat le do bhod a chlúdach mar a bheadh stoca ann.

Trunks

Chomh maith leis na fobhrístí, tá suim mhór á léiriú sna ‘Sreangacha Gnéasacha’.

Ó tharla go scaoileann siad isteach níos mó aeir, seans gur rogha níos fearr iad an t-am seo bliana.

Lar

Is é Simas Zelvys, duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, a tháinig aníos leis an bhunsmaoineamh an chéad lá.

Bhí sé ag iarraidh rogha eile a chur ar fáil do dhaoine nár mhian leo uaireadóir, carbhat ná stocaí a cheannach d’fhir, agus cheap sé go raibh bearna sa mhargadh do a leithéid de bhronntanais spraíúla.

Go dtí seo, is iad mná is mó a bhíonn ar thóir an táirge nua, dar le Zelvys, na fobhrístí á gceannach acu mar bhronntanais um Nollaig, do Lá Fhéile Vailintín agus mar bhronntanais bhreithlae.

MyAnois, bheifeá ag iarraidh a chinntiú go mbeadh an mhéid cheart faighte agat ionas nach mbeadh an boidín bocht róscaoilte ná, níos measa, rótheann.

Tá sé ráite ag Zelvys gur minic a chothaigh sé seo deacrachtaí nuair a bhí siad ag tosú amach i measc daoine arbh spéis leo iad a cheannach.

Tar éis gur seoladh toisí beachta do bhoid éagsúla ar fud na cruinne chuige, áfach, bheartaigh sé gurbh fhiú toisí a chur leis na méideanna S go XL ar an suíomh ionas nach mbeadh amhras ar bith ar dhaoine cén mhéid ba fheiliúnaí!

Níl ag teastáil ach an t-aon bhunsmaoineamh amháin, a chairde!