Cuir rubar ar an Rosé

Agus coiscíní in úsáid anois le fada an lá, ní haon ionadh é go bhfuil duine samhlaíoch tar éis dearadh a fhorbairt ar mhúnla ár gcairde beaga rubair seo chun margadh iomlán úr a bhaint amach.

Cinnte, tá fíon blasta ar cheann de na rudaí ar domhan is fiú a choinneáil slán ó na heilimintí agus chuige sin tá na ‘Wine Condoms’, nó ‘Coiscíní Fíona’, nua seo!

Le breathnú ar an phacáistiú scragaill cearnógach agus ar an chlúdach rubair féin, tá cuma na ngnáthchoiscíní orthu.

larwine

Ach ní mar a shíltear a bhítear.

“Is stopallán scothúil é a sháraíonn aon cheann a tháinig roimhe,” dar le lucht a dhéantúis.

Oibríonn siad ar an bhunús céanna le coiscíní gnéis sa dóigh is go ndéanann sé séala uisce agus aerdhíonach ar bharr an bhuidéil, áit a mbeadh an bod de ghnáth.

“Sleamhnaíonn sé ar aon bhuidéal – cuma pé méid,” a deir siad.

Maítear fosta go bhfuil na coiscíní fíona “99.9% éifeachtach ag cosaint in aghaidh doirteadh gan choinne”.

wine-condoms_1

Murab ionann agus gnáthchóiscíní – agus is difear measartha suntasach é seo – is féidir an stopallán rubair a úsáid arís agus arís eile!

Díograiseoirí fíona a bhfuil féith an ghrinn iontu a chinntigh gur éirigh le feachtas Kickstarter na gCoiscíní Fíona seo.

Tá paicéad Coiscíní Fíona, a bhfuil 6 stopallán ann, ar fáil le réamh-ordú anois ar €15.39.

Seolfar amach chuig custaiméirí iad ón 12 Nollaig, díreach in am le splanc mhagúil a chur le stocaí na Nollag.

SCÉALTA EILE