Cuirtín cliste cithfholctha…


An duine thú a chaitheann an chuid is mó de do ghnáthamh maidine sa chithfholcadán?

Nó an bhfuil tú cleachta le bheith ag fanacht rófhada ar dhuine eile teacht amach ón chith gach lá?

Nó ar mhaith leat uisce a shábháil?

Bhuel cuirfidh tú suim sa chuirtín nua cithfholctha seo a úsáideann spící boga inséidte le tabhairt ort imeacht amach as an chithfholcadán tar éis ceithre nóiméad.

Tá braiteoir ar an sconna a chuireann in iúl go bhfuil an t-am istigh agus cuirtear aer sna spící dá réir.

Is aireagán (invention) de chuid an dearthóra Fhrancaigh Elisabeth Buecher é seo agus deir sí gurb é an sprioc taobh thiar de ná feasacht a ardú faoi chaomhnú uisce, rud a bhfuil muidne ag NÓS ag tacú go mór leis.

Seo thíos roinnt íomhánna faoin tslí a gcuireann an cuirtín an ruaig as an chith ort… nach maith an smaoineamh é?!


cith1

cith2cith3

SCÉALTA EILE