Dath ‘nua’ gorm aimsithe

Shílfeá go mbeadh sé dodhéanta teacht ar dhath iomlán nua, agus tá ar bhealach, ach tá gorm úr nach raibh ar fáil riamh roimhe le heisiúint ar an mhargadh go luath.

Siar in 2009 bhí Mas Subramanian, ollamh le heolaíocht in Ollscoil Stát Oregon SAM, i mbun tástálacha ina shaotharlann nuair a chinn sé ocsaíd mhangainéise (manganese oxide), a bhfuil dath dubh air, a théamh ag 2,000 céim Fahrenheit.

Nuair a rinne sé sin… pléascadh!

Thiontaigh an dubh ina ghorm geal iontach agus thug sé ‘YInMn’ ar an dath ar leith seo (thíos).

gorm-nua

Anois, den chéad uair riamh, tá an dath ceannann céanna seo á chur ar fáil d’ealaíontóirí, dearthóirí agus déantúsóirí eile ionas go mbeidh siad in ann é a úsáid ina gcuid saothar.

“Fionnachtain áthasach trí thimpiste a bhí ann,” arsa Subramanian.

“Bhí an bunstruchtúr criostail atá ag an dath seo ar eolas againn cheana ach níor rith sé le haon duine go dtí seo é a eisiúint ar bhonn tráchtála.”

Deirtear go bhfuil YInMn an-mhaith ag frithchaitheamh solas infridhearg, rud a chiallaíonn go mb’fhéidir go bhfeicfí amach anseo é ar dhíonta srl. chun foirgnimh a choinneáil fuar.

Pé áit a mbeidh sé, is cinnte go meallfaidh sé do shúil!

SCÉALTA EILE