Déanta sa tSeanré

Labhraíonn Sorcha Nic Eochagáin le beirt Sinéad atá lonnaithe sa Spidéal agus atá ag déanamh a mbealaí féin sa saol faisin.

Le roinnt blianta anuas tá réabhlóid ag tarlú i gcúrsaí faisin agus ní hé go bhfuil sé ag bogadh i dtreo nua, tá sé ag filleadh ar an tseanré. Feicfidh tú ar an tsráid muintir na hÉireann agus muintir an domhain mhóir a bhfuil cuma na seanré orthu. Ní rún é, tá siad ag caitheamh ‘Vintage’, lipéad úr ann féin ar bhealach. Slán le Tommy Hilfiger, fáilte roimh an tseanré ar ais!

Ar ndóigh tá baint ag an gcúlú geilleagair leis seo ach chomh maith leis sin tá daoine ag dul i dtreo éadaí seanré le cur i gcoinne dhrochthionchar an domhandaithe. Tá daoine ag iarraidh seasamh amach as an slua agus iad féin a chur chun cinn mar dhuine aonair.

Is cinnte go bhfuil spraoi ag baint le héadaí de chuid na seanré chomh maith. Tá sórt iomaíochta i gceist chun na píosaí is deise a fháil ar an gcostas is lú.

Deis iontach atá ann do dhaoine cruthaitheacha bealaí éagsúla a aimsiú chun sean- éadaí a athrú a bheagán nó iad a aistriú go hiomlán – up-cycling nó ‘uaschúrsáil’ a thugtar air – agus stíl a chruthú atá ag teacht le stíl na haimseartha.

Labhair mé le Sinéad Lally as Cotton Face Vintage, atá tar éis siopa nua a oscailt ar an Spidéal agus Sinéad McKiernan, dearthóir, as Folk Song Designs a oibríonn amach as a stiúideo féin ar an Spidéal chomh maith.

Tá Sinéad Lally ag blagáil ar feadh cúpla bliain anois, thosaigh sí ag gabháil den bhlagáil nuair a chaill sí a post. Is léir go bhfuil tábhacht ar leith leis an idirlín i saol an fhaisin sna laethanta seo mar ardán do dhaoine éadaí a chur i láthair an phobail.

“Má théann tú i dtaithí air agus má chuireann tú an t-am isteach, tá blagáil thar a bheith éifeachtach le do chuid éadaí a chur chun cinn,” arsa Sinéad.

Fiú anois agus a siopa féin aici, baineann sí úsáid as Facebook le haghaidh earraí a dhíol mar aon le hócáidí a eagrú, ar nós Pandora’s Box, margadh a bhíonn ar siúl i nGaillimh uair sa mhí.

Tá stíl iontach ag Sinéad Lally í féin agus is léir ón stoc atá ar fáil sa siopa go bhfuil súil den scoth aici agus go gcaitheann sí cuid mhór ama ag aimsiú rudaí deasa.

Chuir sí suim i gcúrsaí faisin agus í óg ag dul timpeall na margaí i nGaillimh lena máthair ar thóir sean-earraí agus sean-éadaí as an ghnáth agus d’éirigh léi an taithí sin a úsáid ina saol oibre.

Tá neart fuinnimh ag Sinéad L agus tá sé ag teastáil uaithi – má bhreathnaíonn tú ar leathanach Facebook Cotton Face Vintage bíonn nuashonraí rialta ann do phictiúir agus stoc nua, faigheann sí an chuid is mó as na Stáit Aontaithe.

Is breá léi a bheith ag breathnú ar dhaoine sa tsráid agus ar céard a bhíonn á chaitheamh acu. Tá spraoi ag baint leis an bhfaisean dar le Sinéad agus molann sí gan é a thógáil ró-dháiríre.

“Tá a stíl féin ag gach duine agus tá cuid daoine níos dána agus níos trialaí i dtaobh na n-éadaí a roghnaíonn siad,” arsa sí.

Tá suim aici san uaschúrsáil chomh maith lena bheith ag déanamh a cuid éadaí féin agus tá sé ar intinn aici iad a dhíol ar líne amach anseo.

Bhí suim i gcónaí ag Sinéad McKiernan i ndearadh agus san ealaín, bhí sí tógtha le dathanna agus í ag fás aníos agus ba mhinic í ag cur éadaí éagsúla le chéile agus í óg. Ní nach ionadh go ndeachaigh sí ar aghaidh chun staidéar a dhéanamh ar dhearadh faisin.

D’admhaigh Sinéad McK gur thóg sé píosa uirthi an muinín a ardú chun lipéad Folksong Designs a bhunadh. Is léir óna dearaí go bhfuil sí thar a bheith cruthaitheach.

Tá pearsantacht nádúrtha agus réchúiseach ag Sinéad a thagann tríd sna dearaí, a bhfuil stíl treibhe acu. Déanann sí leithéidí Snoods (cochall agus scairf in aon phíosa amháin), malaí, croiseanna obi ón áis, seálanna agus fáinní cluasa.

Tá Sinéad Mc K ag gabháil don uaschúrsáil chomh maith, agus í ag úsáid ábhair tuartha, ruaimeanna, fuáil agus siosúr. Tá sí in ann éadaí a athrú ón bhun aníos agus rud éigin éagsúil ar fad a chruthú. Má bhreathnaíonn tú ar leathanach Facebook s’aici tiocfaidh tú ar mhuincí drámatúla a rinne sí as sean-t-léine!

Dar le Sinéad McK go raibh fios i gcónaí ag muintir na hÉireann ar chúrsaí faisin ach anois tá sé níos éasca teacht ar eolas agus stíleanna éagsúla trí bhlaganna, irisí agus cuairt a thabhairt ar áiteanna eile.

Go bunúsach tá níos mó amuigh ansin. Is breá léi daoine a fheiceáil a chuireann cuid dá bpearsantacht agus spiorad isteach sna héadaí a chaitheann siad.

Cé go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta deacair anseo faoi láthair agus gur bhreá léi aghaidh a thabhairt ar thír eile ar feadh seala, admhaíonn Sinéad McK go bhfuil sí sásta anseo ag déanamh an ruda a ba dhúil léi fiú muna bhfuil mórán de theacht isteach ag baint leis.

Tá aithne ag Sinéad Mc K ar dhaoine a d’fhág agus atá fós ag fágáil, “tá sé deacair do gach duine” a deireann sí, agus is cinnte go bhfuil an mianach aici agus ag Folksong Designs teacht tríd amach anseo.

Bíonn a cuid dearaí á ndíol aici ar Facebook ag ‘Folksong Designs’ agus ‘Creativeworkshops’ agus ar Etsy chomh maith.

Tá sí féin agus 25 dream eile tar éis margadh ag reáchtáil taobh istigh den Róisín Dubh i nGaillimh, tá tuilleadh eolais faoi seo le fáil ar an leathanach FB ‘The Róisín Dubh Art and Craft indoor Market’.

Nó má tá tú ag iarraidh scileanna a fhoghlaim ó Shinéad Mc K i ndéantús éadaí, tugann sí ceardlann go rialta, bí ag faire amach ar www.folksong.ie.

Is léir go bhfuil go bhfuil roghanna amuigh ansin ionas go dtig leat do stíl féin a aimsiú, é a dhéanamh ar chostas íseal agus tacú le dearthóirí faisin a mhacasamhail Sinéad Lally agus Sinéad Mc Kiernan.

Tá ceisteanna eiticiúla ag baint leis chomh maith, agus tá dualgas orainn fiú ár gcuid siopadóireachta a dhéanamh i siopaí athláimhe agus ó shiopaí áitiúla.

Tá a fhios ag cách go bhfuil rudaí an-saor ar fáil sna siopa móra i lár na cathrach, ach cad as a dtagann na héadaí sin? Cé mhéad a fhaigheann na hoibrithe atá ag obair sna monarchana móra lá agus oíche.B’fhiú do gach duine macnamh a dhéanamh air.

Sinéad McKiernan – www.folksong.ie nó cuardaigh ar Facebook ‘Folksong Designs’

Sinéad Lally – www.cotton-face-vintage.com / Facebook ‘Cotton Face Vintage’ / Instagram @cottonfacevintage

SCÉALTA EILE