Is domhan tartmhar é, níl aon amhras faoi sin!
Go deimhin, tá ganntanas uisce ar cheann de na ceisteanna móra atá ag cothú buairimh i ré seo an athrú aeráide.
Is deacair ag daoine a bhfuil uisce acu go réidh a shamhlú fiú go bhfuil duine as gach ochtar ag maireachtáil ar an domhan seo gan fáil acu ar uisce glan ar bith.
Chuige sin, tá aird á díriú ar fhadhb na mbuidéal plaisteach in athuair ag carthanacht i SAM, An Togra Uisce (The Water Project).
Tá siad ag iarraidh an oiread cur amú a bhaineann leo agus an oiread dochair a dhéanann siad don timpeallacht a chur ina luí orainn.
Dar leo, úsáidtear trí lítear uisce chun lítear uisce amháin a phacáistiú agus a chur ar an mhargadh.
Meastar nach ndéantar ach aon bhuidéal amháin as gach 5 bhuidéal a úsáidtear i bpacáistiú uisce a athchúrsáil mar nach bhfuil an roisín plaisteach teireataláit phoileitiléinete (PET) ann, rud atá de dhíth le hathchúrsáil a dhéanamh.
Is olc an scéal é seo, go háirithe mar go dtógann sé breis agus míle bliain ar bhuidéal plaisteach nach ndéantar a athchúrsáil bith-dhíghrádú.
Anuraidh, rinneadh cathair saor ó bhuidéil phlaisteacha de San Francisco, an chéad chathair ar domhan lena leithéid a dhéanamh.
Ó shin i leith, tá cathracha eile – Montréal Cheanada ina measc – ag leanúint leis an dea-shampla.
Tá mac léinn dearaidh anois as Acadamh Ealaíne na hÍoslainne ag díriú ar an cheist agus ag cur rogha eile atá neamhdhíobhálach don timpeallacht ar fáil dúinn.
Freagracht shóisialta an rud a spreagann saothar Ari Jónsson, dar leis.
Tá an dearadh s’aige, atá déanta as algaí, dírithe níos mó ar bhuntáistí praiticiúla ná ar an aeistéitic.
Úsáideadh meascán de phúdar algaí dearga leis na buidéil in-bhithmhillte iontacha seo a dhéanamh.
Nuair a meascadh na halgaí le huisce, cruthaíodh substaint ghlóthánach (jelly-like).
Bhí Ari in ann í sin a chur isteach i múscán reoite i gcruth buidéil chun dearadh 3D a chruthú.
Mar a bheadh draíocht ann, coinníonn an buidéal uisce seo a chruth a fhad is atá uisce istigh ann agus lobhann sé go gasta nuair nach mbíonn uisce ar bith ann.
Bulaí fir, a Ari! Beidh muid ag coinneáil súil amach don dearthóir seo amach anseo.