Dearthóirí na Disléicse

Beidh saothar le deichniúr dearthóirí disléicseacha, atá ag obair i réimse na beochana, an fhaisin agus earraí tí, ar taispeáint ag mórfhéile dearthóireachta i Londain ag tús an Fhómhair.

Is é aidhm an taispeántais cuid den stiogma a bhaineann le disléicse a laghdú agus aird a dhíriú ar na buntáistí a thagann léi, go háirithe ó thaobh na cruthaitheachta de.

Meastar go bhfuil deacrachtaí scríofa, litrithe agus léitheoireachta ar leibhéil éagsúla ag tuairim agus 10% de mhuintir na hÉireann mar gheall ar dhisléicse.

original

Ach is mian le Jim Rokos, léiritheoir an taispeántais agus duine den deichniúr a mbeidh saothar leis le feiceáil ann, a léiriú go bhfuil disléicse ina bhuntáiste aige agus ag daoine eile.

“Creidim go láidir go bhfuil a stíleanna sainiúla féin ag dearthóirí eile mar gheall ar a ndisléicse.

“Is mar gheall ar dhisléicse, agus ní ina hainneoin, a bhím ag dearadh ar an stíl s’agam féin,” ar sé.

egg

Meascán de shaothar a bheidh sa taispeántas: deacantar ubhchruthach le Sebastian Bergne, scáthlán lampa déanta as ribíní adhmaid le Tom Raffield (thuas), agus pictiúr de chló-aghaidh ar leith a cheap an dearthóir Dan Britton.

Cuireann an cló a chruthaigh Dan ina luí ar dhaoine na deacrachtaí a bhíonn ag daoine a bhfuil disléicse orthu an gnáthchló a léamh.

Tá codán maith de gach litir bainte ar shiúl le go mbeidh moill ar an ghnáthshúil na focail a dhéanamh amach, díreach mar a tharlaíonn i gcás daoine a bhfuil disléicse orthu agus gnáthchló á léamh acu.


Beidh Dyslexic Design ar siúl ón 22-25 Meán Fómhair mar chuid de Design Function ag Féile Dearthóireachta Londain.

SCÉALTA EILE