Deasc ard nua-dheartha…

Is fada an chaint faoin dochar a dhéantar don tsláinte agus muid inár suí ar feadh uaireanta le linn an lae, seachtain i ndiaidh seachtaine.

Dea-scéal do dhaoine ar mhian leo nósanna sláintiúla a chothú san obair go bhfuil réiteach costéifeachtach ar an fhadhb seo le fáil ó ‘Oristand’, comhlacht úr a lainseáil dearadh nua de dheasc ard soghluaiste cúpla lá ó shin, dírithe ar chomhlachtaí agus ar dhaoine aonair.

Ba thoradh é an deasc ard seo ar thogra nua Ryan Holmes – an Ceanadach taobh thiar den chomhlacht gréasáin shóisialta, Hootsuite, agus co-bhunaitheoir an chomhlachta nua Steve Suchy.

oristand

Ar an rud is fearr faoin deasc gur féidir é a chur le chéile gan stró ar bith, a thabhairt leat faoi d’ascaill agat agus is cinnte go meallfar an praghas íseal daoine chomh maith.

Go dtí seo, tá an Oristand á dhíol ar $25 faoi láthair sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada, cé go bhfuil sé fógartha ag an chomhlacht nach fada go mbeidh sé ar fáil don mhargadh idirnáisiúnta.

I bpreasráiteas dúirt Holmes go raibh sé ag súil go rachadh an costas réasúnta i bhfeidhm ar chomhlachtaí agus go dtabharfadh siad rogha dá n-oibrithe.

Dúradh gur ar leas na gcomhlachtaí agus na n-oibrithe a cruthaíodh an deasc seo mar go mbeidh an fhoireann níos sláintiúla agus níos éifeachtaí i mbun oibre.

oristand1

Spreagadh an fiontraí óg chun deasc ard ar chostas réasúnta a chruthú mar nach bhfuil sé féin in ann a bheith ag suí ag bord ar feadh achar ar bith de dheasca pian droma.

Chuaigh Holmes ag lorg deasc ard a dtiocfadh leis a thógáil agus a bhaint anuas arís ach ní raibh sé ábalta teacht ar cheann.

Déanta de chairtchláir (cardboard) tionsclaíoch suitear an Oristand ar bharr an bhoird ag a mbíonn tú ag obair de ghnáth.

Ciallaíonn an struchtúr fillte gur furasta é a chur as bealach.

Is breá linn é in oifigí NÓS ach má tá spreagadh sa bhreis a dhíth ort i dtaobh na ndeasc ard, léigí an t-alt seo!

SCÉALTA EILE