• Cultúr
  • Teic
  • Saol
  • Meáin
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
  • Gradaim NÓS 2021
  • Físeáin NÓS
  • Faoi NÓS
  • Teagmháil
  • Cultúr
    • Ceol
    • Scannáin
    • Leabhair
    • Ardán
    • Cartúin
  • Teic
  • Saol
    • Bia
    • Sláinte
    • Stíl
    • Craiceann
    • Spórt
  • Meáin
    • Raidió
    • Sóisialta
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
    • Teanga
    • Polaitíocht
    • Comhshaol
  • Físeáin NÓS
  • Fúinn

Share this...
Share on Facebook
Facebook
Pin on Pinterest
Pinterest
Tweet about this on Twitter
Twitter
Share on LinkedIn
Linkedin

Maitiú Ó Coimín

6ú Feabhra 2018

Dearadh

Grianghraif: New York Public Library

      Duibhlinn – ‘Dubh’s Pool’
      Logainmneacha na hÉireann dar le Jack B Yeats

      ‘Dubh’s Pool’ an t-aistriúchán Béarla a thug an t-ealaíontóir cáiliúil Jack B Yeats ar an logainm ‘Duibh-linn’ ar chártaí toitíní a mhaisigh sé don chomhlacht Player’s sna 1920idí. Mhaisigh an t-ealaíontóir Éireannach dhá shraith cártaí toitíní ar ar tugadh dinnseanchas na hÉireann. Leathchéad cárta a bhí ann san iomlán agus eolas agus íomhánna bunaithe ar thuiscint Yeats ar bhrí na logainmneacha Gaelacha.

      Chuireadh comhlachtaí toitíní cártaí i mboscaí toitíní leis an mbosca a láidriú, fógraíocht a dhéanamh agus branda an chomhlachta a chur chun cinn i gcaitheamh an 19ú agus na 20ú hAois. D’eisigh Player’s an dá shraith seo faoi logainmneacha na hÉireann go luath i ndiaidh bhunú an tSaorstáit agus bailítear a leithéid go fóill.

      Tá an bailiúchán iomlán seo de leathchéad cárta i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus tá bailiúchán sa New York Public Library freisin. Díoladh bailiúchán eile fós ar ceant thart ar ocht mbliana ó shin i mBaile Átha Cliath ar €400. Is féidir an bailiúchán ar fad a fheiceáil ar shuíomh an New York Public Library.

      Tá cuid den tsanasaíocht atá ag Yeats ar na cártaí ciotach agus bunaithe ar mhíthuiscintí coitianta faoi logainmneacha áirithe. Tá ‘The Four Lakes’ aige ar ‘Ceatharlach’, mar shampla, ach níl aon fhianaise ann go bhfuil bunús ceart leis an tuairim sin anois ach glactar leis gur ‘Áit na mBeithíoch’ is brí leis an logainm.

      Tá leaganacha eile aige go cruinn ceart, leithéidí ‘Donegal – Dún na nGall – The Fort of the Foreigners’. Tá léargas ar sheanleaganacha de logainmneacha áirithe le fáil sna cártaí freisin, leithéidí ‘Tuam – Tuaim Dhá Ghualainn – The Tumulus of the Two Shoulders’, baile ar a dtugtar ‘Tuaim’ sa lá atá inniu ann.

      Scéalta Eile

      Léarscáil ealaíonta Ghaeilge de Dhoire deartha ag ailtire óg as an gcathair

      Máirtín Ó Cadhain, Breandán Ó Beacháin agus an Bradán Feasa i measc priontaí nua ó ealaíontóir Gaelach

      COMÓRTAS: Cártaí Nollag ó Léim Thart le buachan

      Siopa nua ar líne ag bean fuála NÓS – Gearóidín McEvoy

      ‘Gile, brí agus anam’ curtha i gCorca Dhuibhne ag ealaíontóir as an Min Aird



      Nós

      Is iris chultúir í NÓS a thugann léargas beoga Gaelach ar an saol thart orainn. Tá muid anseo chun spraoi, machnamh agus gníomh a spreagadh.

      Déan. Bris. Léigh.
      • Faoi NÓS
      • Físeáin NÓS
      • Gradaim NÓS 2021
      • Fógraíocht
      • Teagmháil
      • About NÓS
      Teagmháil

      Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
      216 Bóthar na bhFál
      Béal Feirste
      BT12 6AH
      eolas@nos.ie


      cc.white  2020 Rua Media