Níl rud ar bith níos deise ná bia Síneach nó Indiach a fháil chomh fada le doras an tí ar oícheanta nuair nach bhféadfá a bheith buartha le cócaireacht, ach dóibh siúd arbh fhearr leo giota raithní a chaitheamh, tá seirbhís úrnua ar bun sna Stáit Aontaithe.
Tá cannabas dleathach i roinnt stát i Meiriceá le beagnach 7 mí anuas, agus don chéad uair riamh tá fiontair dhlisteanacha á mbunú le freastal ar an éileamh.
Soláthraíonn Potbox seirbhís mhíosúil dá chustaiméirí i San Francisco agus L.A., le saghas éagsúil raithní gach mí, in éineacht le dhá dhúidín atá réidh le caitheamh.
Sa dóigh chéanna agus a bhíonn comhlachtaí ag cur eolais ar fáil dá chustaiméirí faoi cén áit ar fásadh a gcuid torthaí agus glasraí, tugann Potbox léargas do shíntiúsóirí ar cén áit ar fásadh an planda agus cén ‘blas’ atá air!
Níl an tseirbhís uathúil seo saor ach an oiread, áfach. Cosnóidh síntiús leo timpeall €140 in aghaidh na míosa, agus is cinnte go mbeidh an bia Síneach sin uait fosta i ndiaidh cúpla dúidín!