Idir scéalta faoi dhaoine a bheith díomách lena rogha vótála féin, agóidí ‘fanachta’ i Londain agus raic eile cothaithe ag tweet a sheol Trump agus é ar cuairt in Albain (inar mhol sé cinneadh na hAlban imeacht as an Aontas Eorpach cé gur vótáil siad le fanacht), seans gurb é an rogha is fearr go ceann cúpla lá eile muid féin a shoipriú isteach faoi na pluideanna sa leaba nuadheartha seo.
Tá néal codlata i lár an lae níos tarraingtí anois ná riamh mar gheall ar an chéim ar aghaidh atá tugtha ag an dearthóir Gearmánach Manuel Kloker leis an dearadh slachtmhar is déanaí seo.
Coincheap iontach is ea é a tharraingíonn an chuid is fearr de chliabhán linbh, cathaoir rothaí agus leaba álainn le chéile in aon phíosa troscáin amháin.
Cruthaíonn na frámaí adhmaid ciorclacha spás deas Zen sa leaba féin, go háirithe nuair a bhíonn éadach glan bán uirthi.
The Private Cloud is ainm don leaba agus cé go bhfuil an t-ainm féin mealltach (samhlaigh seal beag a bheith i do luí ar scamall clúmhach i d’aonar!), maíonn an déantóir go bhfuil spás sa leaba seo do sheisear!
Leaba ollmhór atá inti – 2000mm ar airde, 2350 mm ar fad agus 1850 mm ar leithead – mar sin tá baol ann nach mbeidh slí ann di i d’árasán.
Ní hé sin an t-aon bhaol amháin ach oiread. Tá praghas ollmhór $7,800 uirthi!
Coinneoidh muid orainn ag brionglóideach go ceann tamaill eile.