Bíonn áilleacht ag baint leis an tsimplíocht, deirtear, agus níl aon amhras ann gurb amhlaidh an scéal le saothar DFT, beirt ealaíontóirí íostacha as an Fhrainc.
Tá an dís tar éis a stíl uathúil féin a chur ar ábhair choitianta, ó bhróga go hainmhithe, ach ní gnáth-chur chuige a bhíonn in úsáid acu.
Ní chruthaíonn DFT a saothar ach le líne fhada neamhbhriste amháin, gan an peann nó an scuab a bhaint den chanbhás go dtí go mbíonn an píosa críochnaithe, agus tá cumhacht ar leith ag an toradh deiridh.
“Téann muid tríd roinnt céimeanna éagsúla le linn ár bpróisis chruthaitheachta,” ar siadsan.
“Ansin baineann muid ar shiúl aon ní nach bhfuil ag teastáil.
“Is próiseas aibíochta é atá dian dúshlánach mar go mbíonn foirfeacht áirithe ag baint leis an íostachas.”
Nach muid atá buíoch díobh as an dua a chaitheann siad leis.
Is féidir tuilleadh píosaí ealaíne le DFT a fheiceáil ar a leathanach Facebook.