Is ealaíontóir le coinsias é an Francach Philippe Echaroux.
Cuireann a shraith Street Art 2.0 an teicneolaíocht in áit na péinte agus is minic teachtaireacht smaointeach taobh thiar dá shaothar.
Ach tá sé tar éis a chuid cruthaitheachta a thabhairt céim níos faide anonn sa chuid is déanaí den tsraith dar teideal Amazonia, a thugann an ealaín sráide go dtí an fhoraois bháistí.
Is aghaidheanna mhuintir Surui, treibh bhundúchasach a chónaíonn sa Bhrasaíl, atá teilgthe ag Echaroux anseo ar chrainn ina gceantar dúchais agus meastar gur seo an chéad uair riamh ar úsáideadh soilse chun an ‘ealaín choille’ seo a chruthú.
Ba mhian leis a thabhairt le fios gurb ionann crann a ghearradh agus duine a leagan go talamh.
In am seo na géarchéime aeráide, is ráiteas coscrach cuí é.
Féach ar níos mó den ealaín álainn seo, agus tograí eile Echaroux, ar philippe-echaroux.com.