Ealaín le Ciaraíoch ar díol ar líne anois!
cartúnaí cumasach NÓS

Tá ealaín ó chartúnaí cumasach NÓS ar fáil anois le ceannach ar shiopa nua ar líne ag an gCiarraíoch cruthaitheach.

Is í Ciaraíoch an t-ealaíontóir oilte a bhfuil cáil nach beag bainte amach aici i saol na Gaeilge le bliain anuas mar gheall ar na cartúin chliste a chruthaíonn sí dúinne tigh NÓS. Bíonn cartúin de chuid Chiaraíoch i gcónaí i measc na míreanna is mó tóir ar an suíomh agus tá deis anois ag léitheoirí NÓS cuid den ealaín álainn a thabhairt isteach ina dteach féin. 

Tá siopa ar líne oscailte ag Ciaraíoch le cúpla lá anuas agus priontaí ar díol ann de na cartúin a rinne sí do NÓS le bliain anuas chomh maith le go leor leor míreanna eile ealaíne. Anuas ar na cartúin do NÓS, tá cartúin eile a rinne Ciaraíoch d’fheachtas ar nós ‘Aisghair’, agus pictiúir i stíleanna difriúla freisin. 

Is féidir na priontaí a cheannach díreach mar atá; priontaí a bhfuil fráma timpeall orthu; nó cártaí a bhfuil ealaín de chuid Chiaraíoch orthu. Tá pacáistí ar fáil ar an siopa ‘InPRNT’ chomh maith agus margaí maithe ar fáil nuair a cheannaítear níos mó ná mír amháin. 

Is í Ciaraíoch féin a gheobhaidh chuile phingin ó dhíolachán na healaíne agus is bealach maith é mír a cheannach le tacú le healaíontóir atá ag cruthú ábhar iontach i nGaeilge. 

Bígí ag súil le tuilleadh cartún iontach ar NÓS sna seachtainí amach romhainn!