Ealaín ón Aer

Ag féachaint duit ar an íomhá seo thuas den chéad uair, cheapfá gur cairpéad ildaite nó éadach de shaghas eile atá ann.

Ach mar atá a fhios ag na Gaeil, ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí.

Grianghraf de thírdhreach tiúilipí san Ísiltír atá ann.

Is é Bernhard Lang, as München na Gearmáine ó dhúchas, atá taobh thiar den chleasaíocht chruthaitheach seo.

Grianghrafadóir é Lang a bhfuil a ainm in airde as an léamh spéisiúil ón aer a chuireann sé ar fáil den domhan.

tul aris

Tá pictiúir de thránna, mianaigh ghuail agus eile déanta aige roimhe seo, ach sa chás seo chuir sé ladrann in airde sa spéir os cionn plandálacha tiúilipí atá ag fás ar fud na hÍsiltíre.

aerial

Phioc sé an tír cheart dá leithéid óir meastar go bhfásann os cionn 3 billiún bolgán gach bliain i ngoirt na hÍsiltíre agus go bhfuil 3,000 cineál blátha ina measc.

Nach iontach an domhan uile éagsúil seo agus tá muid buíoch de Bernhard agus a ladrainnín as na híomhánna áille seo!

Féach ar thuilleadh anseo.

SCÉALTA EILE