Ealaín seachas fógraí ar fud Tehran

Chun iarsmalanna agus institiúidí cultúrtha na cathrach a chur chun cinn, tá cinneadh déanta ag méara Tehran saothair ealaíne a chur in ionad fógraíochta ar 1,500 clár fógraí sa phríomhchathair.

Tá saothair le healaíontóirí Iaránacha ar nós Sohrab Sepehri agus Mahmoud Farshchian, chomh maith le péintéirí idirnáisiúnta mar Pablo Picasso agus Henri Matisse, anois le feiceáil ar shráideanna agus ar bhóithre gnóthacha an bhaile is mó in iarthar na hÁise.

“Nuair a mhúscail mé ar maidin, bhí rud éigin aduain tar éis tarlú,” arsa cónaitheoir amháin ar líne.

“Shíl mé go raibh mé ag brionglóidí, ní raibh mé in ann mo chuid súl a chreidiúint.

“Tiontaíodh Tehran ina mhúsaem thar oíche.”

an-iarain-ealain

Ní raibh cuid de na fógróirí róshásta go raibh orthu a spásanna costasacha fógraíochta a thabhairt suas le haghaidh píosaí ealaíne ach sa deireadh ba léir dóibh luach an tionscnaimh shamhlaíoch.

‘Dánlann Chomh Mór le Baile’ is teideal don togra agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an deireadh seachtaine.

SCÉALTA EILE