Tá biorán nua Gaeilge do Fhéile an Bhróid deartha ag an ealaÃontóir Catherine Greaney agus geallúint tugtha uaithi go rachaidh €2 de phraghas gach biorán i dtreo Belong To You, eagraÃocht a thugann tacaÃocht do dhaoine óga LADT.
Tá an biorán nua mar chuid de shraith a thosaigh Catherine lena gnó ‘Nine Arrow’ i mbliana le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar fhéilte éagsúla na bliana. D’eisigh sà bioráin do Lá Fhéile BrÃde agus do Lá Fhéile Pádraig nÃos luaithe i mbliana agus d’fhógair biorán an Bhróid an tseachtain seo in éineacht le biorán don fhéile Bealtaine agus do Lá na mBeach a bheidh ar siúl amárach.
Cruth Fháinne an Chladaigh atá ar an mbiorán nua don fhéile Bród agus dathanna an tuair ceatha – nó dathanna na brataà Bróid – air. An cairdeas, an grá, agus an dÃlseacht na téamaà a shamhlaÃtear le Fáinne an Chladaigh agus aithnÃtear mar shiombail don Éireannachas trà chéile é freisin.
Tá sé i gceist ag Catherine priontaà den Ãomhá a chur ar ceant ag tús mhà an Mheithimh freisin.

Tá Catherine ag foghlaim na Gaeilge trÃd an ealaÃn le cúpla bliain anuas. Deir sà go ndearna sà staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach nár fhill sà ar an teanga go dtà gur léigh sà leabhar Dharach Uà Sheaghdha, Motherfoclóir. Spreagadh à tabhairt faoin nGaeilge arÃs agus thosaigh sà togra ealaÃne le cabhrú léi ar a haistear teanga. TarraingÃonn sà pictiúir d’fhocal agus d’fhrásaà Gaeilge a tharraingÃonn a haird agus thosaigh sà á ndÃol ar lÃne go gairid ina dhiaidh sin.
Tá roinnt mhaith Ãomhánna d’ainmhithe, éin, agus feithidà déanta ag Catherine ó shin agus dúirt sà an tseachtain seo gur theastaigh uaithi cuid acu sin a chur ar fáil mar bhioráin. Chuige sin a roghnaigh sà a hÃomhá den bhumbóg a chur ar bhiorán do Lá na mBeach (20 Bealtaine).
Beidh biorán eile don fhéile Bealtaine ar fáil ón lá amárach freisin.
Is féidir earraà Catherine, idir bhioráin, phriontaà agus eile a cheannach ar Nine Arrow.