Fathaigh i bhfolach

Tá dúshlán tugtha do mhuintir Chóbanhávan agus do chuairteoirí na cathrach teacht ar sheisear fathach atá i bhfolach in áiteanna éagsúla i bpríomhchathair na Dánmhairge.

Iarracht atá sa tóraíocht ealaíne éagsúil seo daoine a spreagadh le tuilleadh ama a chaitheamh amuigh faoin spéir.

An t-ealaíontóir taisce Thomas Dambo, i dteannta le foireann dealbhóirí, a chruthaigh na fathaigh chairdiúla, atá déanta as drámh-adhmad agus ábhar athchúrsáilte eile.

An aidhm atá ag an togra, ar a dtugtar ‘Na Fathaigh Dhearmadta’, ná ealaín a tharraingt amach ó iarsmalanna agus ionaid mar iad go háiteanna áille amuigh sa nádúr.

Ach treoracha na léarscáile á leanúint agus tú sa tóir ar na fathaigh, tiocfaidh tú trasna ar sheoid nádúrtha sa dúlra.

Tá ainm tugtha do gach fathach, mar atá Teddy anseo thuas, fathach an fhionnaidh choirte.

Is as crainn áitiúla a rinneadh Teddy agus é le feiceáil anois cois locha ag tabhairt lámh chuidithe do dhaoine an sruthán beag a thrasnú.

Agus bealach slán déanta agat, a bhuíochas le Teddy, is féidir cuairt a thabhairt ar ‘Thomás sna Sléibhte’.

Tá radharc iontach ar fáil ar cheantar Albertslund ón áit ina bhfuil Thomas sínte amach agus é ag súil go sínfidh tú féin agus do chuid cairde amach ar a chos fhada chompordach!

Ainmníodh Teddy, Thomas agus a gcairde (‘Oscar an Droichid’, ‘Lou ina Luí’, ‘Tilde Beag’ agus ‘Trine an Chnoic’) i ndiaidh na ndealbhóirí díograiseacha a d’oibrigh ar na carachtair go deonach.

Tá togra na bhfathach dearmadta seo mar chuid de shraith taispeántas a nascann an dúlra, ealaín agus daoine le chéile.

Coinneoidh muid súil ar a bhfuil ar siúl ag na dealbhóirí iontacha amach anseo.

Tuilleadh eolais ar fáil ach an nasc seo a bhrú!

SCÉALTA EILE