Bíonn muid i gcónaí ag iarraidh ardán a thabhairt don nuálaíocht ar NÓS chun taispeáint go bhfuil spás i rith ama le haghaidh smaoineamh fiontraíoch, cuma cé chomh craiceáilte is atá sé!
Gan í a bheith tógtha leis na féilirí a bhfuil smailceacha seacláide i bhfolach iontu, bheartaigh an blagadóir Annem Hobson, atá lonnaithe i Londain Shasana, a féilire féin a chruthú agus píosaí beaga cáise a chur isteach ann.
“Giota spraoi”, a bhí sa chéad iarracht dar léi féin, a rinneadh de lámh as cairtchláir.
Ó cháis deataithe go Doux De Montagne, gormán go céadar, feta agus brie, cuireadh réimse fairsing cáiseanna – 24 cineál le bheith beacht – isteach ann le go mbeadh blúirín blasta éagsúil le fáil gach lá go dtí an lá mór féin!
Agus é déanta aici, thaifead Annem físeán den táirge agus chuir sí in airde é ar a cuntas Facebook:
Ó shin, tá an-spéis léirithe san fhéilire, agus níos mó na 10,000 síniú cruinnithe ó dhaoine ar mhaith leo réamhordú a chur isteach.
Is ea, 10,000!
Agus í spreagtha leis an aischothú dearfach, tá de rún ag an bhean chruthaitheach féilire na cáise a dhéanamh réidh don mhargadh an t-am seo ar an bhliain seo chugainn.
“Labhair mé le déantóirí agus tá mé lán muiníneach gur féidir liom m’aislingí cáisiúla a fhíorú,” ar sí.
“Cé go mbeidh gá leis an fhéilire a choinneáil sa chuisneoir, tá muid ag obair ar dhearadh ar féidir a chrochadh ar an doras laistigh, ionas go mbeifear in ann fáil isteach chuige go héasca.”
Dá mba mhaith leat a bheith i measc na gcéad daoine riamh le féilire cáise a bheith acu, is féidir clárú lena aghaidh anseo.