Gluaisrothar na Sábháilteachta

Agus 100 bliain ar an fhód á cheiliúradh ag déantóir carranna sa Ghearmáin, tá an gluaisrothar is sábháilte riamh, nach dtiteann go talamh, deartha aige.

Maíonn BMW go bhfuil féidearthachtaí dochreidte leis an fhréamhshamhail is déanaí dá chuid agus go gcuirfidh sé deireadh le taismí gluaisrothair go deo.

Tá an fheithicil saor ó astaíochtaí agus tá córas inmheánach ann a choinníonn díreach, cothrom ar an bhóthar í agus an tiománaí slán ó thaismí.

Tá BMW chomh muiníneach sin i dtaobh shábháilteacht an ghluaisrothair seo go ndeir sé nach gá don tiománaí clogad a chaitheamh.

Má thagann tuar faoi thairngreacht an chomhlachta, tús ré nua atá ann le dearadh an ‘BMW Motorrad Vision Next 100’.

“Samhlaíonn muid nach mbeidh na míbhuntáistí a bhaineann le gluaisrothair a thiomáint ann a thuilleadh,” arsa Ardian van Hooydonk, Leas-Uachtarán Sinsearach Dearthóireachta Ghrúpa BMW.

speac

“Beidh an fheithicil chomh sábháilte sin nach féidir titim anuas di,” ar sé.

I measc na ngnéithe sábháilteachta is suntasaí, tá an córas féinchothromaithe (selfbalancing) a bhíonn ag feidhmiú go huathoibríoch.

Chun an gluaisrothar a threorú, níl le déanamh ach na hanlaí a bhogadh suas agus anuas.

In áit an roth tosaigh amháin a thiontú, bogann fráma an ghluaisrothar ina iomláine agus cinntíonn an córas cobhsaithe (stabilizing) go bhfanann sé breá díreach ar an bhóthar.

Ar an rud is fearr faoi, b’fhéidir, tá na spéaclaí cliste a ghabhann leis a thugann fadradharc don tiománaí agus a chuireann contúirtí ar bith atá roimpi nó roimhe in iúl.

image

BMW R32, a tháinig ar an fhód thiar sa bhliain 1932.

Seo an ceathrú fréamhshamhail, agus an ceann deireanach sa tsraith feithiclí atá seolta ag BMW mar chuid dá cheiliúradh ar 100 bliain a bhunaithe.

Dearadh ilchruthach a bhí sa chéad charr. Bhí ríomhaire ann le giúmar an tiománaí a mheas.

Tá carr eile eisithe ó shin a dtagann athrú datha air de réir mar a athraíonn giúmar an tiománaí.

Déarfainn go mbeadh go leor carranna dearga le feiceáil thart ar 5 a chlog le linn na seachtaine!

 

SCÉALTA EILE