Ar an chéad fhéachaint, shílfeá gur bróga gan dealramh iad na bróga áiféiseacha seo a bhfuil gob rí-fhada orthu.
Ach tá smaointeoireacht dhomhain déanta ag an dearthóir ar an choisbheart neamhghnách seo a chuireann iallach ort moilleadh síos.
Tá na buataisí iallacha leathair dhá throigh ar fad agus thabharfadh siad dúshlán na gcos is stuama.
‘Na Bróga Rí-Fhada Moillithe’ a thugtar orthu, agus is í Paulina Lenoir, iníon léinn dearthóireachta i gColáiste Ealaíne San Máirtín, Londain, a cheap iad.
Is cinnte nach dtiocfadh leat a bheith ag rith is ag rásaíocht ó áit go háit agus na bróga áirithe seo á gcaitheamh agat – agus sin é go díreach an cuspóir atá leo.
Dúirt Paulina gur spreagadh í chun na bróga a dhearadh ó tharla an domhan ina mairimid, na cathracha go háirithe, a bheith gafa leis an éifeachtúlacht.
“I gcomhthéacs uirbeach, tá an lámh in uachtar ag an éifeachtúlacht agus tá sé le brath sna comhráití, san idirghníomhaíocht a bhíonn ar siúl againn ar bhonn laethúil agus san ailtireacht fiú.”
Creideann sí go bhfuil smacht caillte againn ar an bhealach a gcaitheann muid uaireanta an lae agus ar an tuiscint atá againn ar chúrsaí ama.
Mar a léirítear san fhíseán, ní féidir leis an té a chaitheann na bróga coinneáil suas le gnáthluas an lae, agus níl an dara rogha aige ach moilliú síos.