Agus an Phicnic Leictreach ag teannadh linn, is am tráthúil é le breathnú ar na dearaà nua a chuirfidh lenár gcompord agus muid ag caitheamh oÃcheanta amuigh faoin spéir.
Más cuimhin libh, bliain an Decagon Modular a bhà ann anuraidh, ollphuball a bhfuil spás a dhóthain do sheisear déag ann.
Bhuel, i mbliana, tá dearadh nua tagtha ar an mhargadh ar a dtugtar ‘H-Pubaill’.
Chuala muid ar fad trácht mar gheall ar H-Blocanna na Ceise Fada, mórphrÃosún ar imeall Bhéal Feirste inár cuireadh Poblachtánaigh agus DÃlseoirà le linn na dtrioblóidÃ, agus nÃos faide anonn.
Ón spéir bhà cuma na gceannlitreacha ‘H’ ar na foirgnimh mhÃchlúiteacha, a raibh de sprioc acu cimà a dhiansmachtú agus a choinneáil amach óna chéile.
Ach má cheapann tú go bhfuil an coincheap céanna i réim i ndearadh seo an H-Pubaill, bheifeá mÃcheart!
“Teacht le chéile” is ea é prÃomhsprioc na bpuball dána seo, dar le lucht a dhéanta.
Cinnte, cothaÃonn an dá sciathán spás feiliúnach do bheirt ar mhaith leo oÃche shuan a bheith acu ina n-aonar.
Ach is cosúil nach iad an spriocmhargadh.
Comhlacht Seapánach Doppelganger Outdoor a tháinig anÃos leis an dearadh, a bhfuil gné den dánaÃocht ag baint leis.
Sa tSeapáin, giorrúchán atá sa cheannlitir H a thagraÃonn do ghnéas, gnéasacht nó aon rud a bhaineann le cúrsaà collaÃochta.
Is ón fhocal “hentai 変態性欲’”, a chiallaÃonn ‘saofóir’ sa Ghaeilge, a thagann sé.
Tá gach spás codlata 2.6 méadar ar fhad agus tá pasáiste sa lár a cheanglaÃonn an dá thaobh le chéile.
Ar ndóigh, mura dtagann fonn ar bith ort ach codladh, molaimid na malaà a chur sa lár!