Il-ealaíontóir Ard Mhacha

Ceol, amhránaíocht, cumadóireacht, péintéireacht… is iomaí bealach atá ag fear na Lorgan, Barry Kerr, lena chuid cruthaitheachta a chur i láthair.

Agus é díreach ar ais ó bheith ag obair i gCiarraí ar albam leis an fhidléir Laura Kerr, deirfiúr leis, agus an giotáraí Donagh Hennessy, tá an t-ealaíontóir ildánach seo ag ullmhú lena thaispeántas nua ealaíne ‘Ceathair’ a sheoladh Déardaoin seo, 3 Lúnasa, sa Chultúrlann i mBéal Feirste.

Ceathrar ceoltóirí traidisiúnta ó na ceithre chúige is ábhar don bhailiúchán is déanaí seo, atá bunaithe ar cheol, ar fhilíocht agus ar amhránaíocht an cheathrair.

Ag labhairt dó le NÓS, dúirt Barry gur “céim nádúrtha chun tosaigh” é an taispeántas is déanaí, agus go leor ama caite aige ag foghlaim faoi cheoltóirí éagsúla thar na blianta.

“Ó chuir mo pháirtí Síle Denvir amhráin de chuid Chaitlín Maude in aithne dom, chonacthas domh go bhfuil go leor de na téamaí sa traidisiún mar an gcéanna ar fud na tíre, ar nós na dáimhe atá ag daoine leis an fharraige agus an ceangal atá ag an cheol traidisiúnta le smaointeoireacht a bhaineann leis an saol eile.

“Is as sin a d’eascair ‘Ceathair’,” ar sé.

Déanfar an taispeántas a sheoladh le ceolchoirm a bhaineann leis an saothar ealaíne, ina mbeidh an Ciarraíoch Séamus Ó Beaglaoich, an cruitire agus amhránaí Síle Denvir, agus an fidléir Dónal O’Connor ag seinm i dteannta Barry.

Cuirfear tús leis an cheolchoirm ag 7in.

Fáilte roimh chách!

SCÉALTA EILE