An bhfuil tú in ardchathair na hÉireann i láthair na huaire, nó an mbeir idir seo agus an 19 Meán Fómhair? Cuirfidh dánlann Gormley’s míle fáilte romhat agus saothair le healaíontóir ón bhfíor-ardchathair — Áine Ní Chíobháin ó Chorcaigh na gCuan — ar taispeáint acu. Deirfiúr le Liam, file mór, go ndéantar grásta air, is ea a máthair Elma Ní Mhuirthile. Ach baineann sraith thábhachtach eile arís le hoidhreacht teaghlaigh Áine.
Ó Chorca Dhuibhne a hathair ealaíonta, Tomáisín “Toohey” Ó Cíobháin, a tógadh fé choimirce na n-ollúna a chuimsítí tamall fén lipéad “Ollscoil na Gráige”, mar a deirtear fós go háitiúil. Péintéir, leis, é an t-athair, a dhíríonn isteach ar urlabhra a thabhairt do “allagar na talún” ina chuid pictiúr. Tá a ainm in airde le fada i ngeall ar a chuid péintéireachta – luaitear in abairt shamplach é san iontráil atá ag focloir.ie faoin gceannfhocal ‘painting’, fiú amháin: “pictiúr le hÓ Cíobháin, pictiúr de chuid an Chíobhánaigh”
Is léir, leis, gur chuir an Cíobhánach seo oiliúint chuí ar a iníon más fíor dá ndúirt sí féin i rith agallamh gairid gutháin a chuireas le déanaí uirthi, mé féin istigh im thigín siúil, ise ag siúl na trá: “théimis go dtí an Crawford Art Gallery agus go dtí taispeántais dhifriúla. Bhí an saol san i gcónaí timpeall orainn”. I gColáiste Deartha agus Ealaíne Crawford a bhain sí céim amach mar dhuine fásta níos déanaí.
Más sa chathair a chaith Áine a hóige áfach, d’fhill sí ar fhód a dúchais go buan tar éis a taispeántas i ndánlann an Lána Ghlais i mbaile an Daingin sa bhliain 2008 sa tslí is gur san áit thiar anois di. Tá gné an diceatóime dá bhrí sin ag roinnt lena cuid oibre ar a bhfuil le haithint rian an dianmhachnaimh ar conas dul i ngleic le coimhlintí aeistéitiúla idir an tírdhreach uirbeach agus tírdhreach na tuaithe. Fág fúithi féin é a mhíniú duit: “tá saol uirbeach na hoíche le feiscint i mo chuid ealaíne, sna dathanna, agus le ceol leictreonach taobh thiar de. Tá ana-shuim ag m’athair ins na Cathedral Rocks. B’fhearr liomsa Cloichear agus An Triúr Deirféar”.
I mbun na híomhá thíos, cuirim i gcás, tá dorchacht a chuirfeadh i gcuimhne do dhuine uisce báistí an tsilteáin sráide istoíche, b’fhéidir, ach breáthaíonn sé le faobhar an lae nó go nochtar dúinn Triúr Deirféar Chorca Dhuibhne.
Pictiúir dhiamhra mar é a bhíonn le feiscint idir bhailiúcháin phríobháideacha agus phoiblí ar fud na hÉireann. Suiteáladh bailiúcháin bhuana, cuirim i gcás, ar institiúidí tríú leibhéil a cathrach dúchais – san Institiúid Teicneolaíochta agus i gColáiste na hOllscoile ann.
Anuas ar shaothair lena hathair a bheith ar taispeáint, tabharfar éachtaint ar shaothar le Duibhneach ealaíonta eile a bhfuil an phéintéireacht sa dúchas aici féin agus ag a hathair – is í sin Honora O’Neill a mhaireann i gCloichear mar a taifeadadh smut de Star Wars anuraidh. Ní nach ionadh imeallbhord Chiarraí a bheith ina fhórsa cumhachtach ina cuid féin péintéireachta.
Thiar i gCorca Dhuibhne atá na healaíontóirí breátha ach “cén mhaitheas an ealaín?” arsa mise de phreab le hÁine. D’fhreagair gur fén ealaíontóir atá an saol seo a athrú chun feabhais, agus idir scríbhneoirí agus cheoltóirí san áireamh aici fén lipéad sollúnta úd. Deacair dom gan géilleadh di!
“Cuireann sé isteach orm nuair a bhíonn na focail sna hamhráin nua rap foréigneach nó gránna. Ní thuigim in aon chor é. Éist leis an rap sna 90idí luatha, bhí sé i bhfad níos polaitiúla, agus Gil Scott Heron? Chasfadh sé san uaigh anois. Le mumble, ar a laghad, ní féidir na focail ghránna a thuiscint!”.
Agus sara raibh aon deis agam ceist a chur uirthi fén teachtaireacht a bhíonn le haithint ar liricí KNEECAP — “i codarsnacht leis sin, tá an hip-hop atá ag teacht amach ó Éirinn thar barr”. Tá san, agus níl na saothair ealaíne olc ach an oiread!
Beidh taispeántas Áine Ní Chíobháin ar siúl i ndánlann Gormley’s i mBaile Átha Cliath go dtí an 19 Meán Fómhair.