Léarscáil ealaíonta Ghaeilge de Dhoire deartha ag ailtire óg as an gcathair

Tá léarscáil ealaíonta Ghaeilge de Dhoire deartha ag ailtire óg as an gcathair. Díoladh gach uile chóip den léarscáil ‘Doire: an Chathair faoi bhallaí’ a chuir Tom Mac Oscair ar a shiopa ar Etsy taobh istigh de 24 uair an chloig an tseachtain seo caite, agus tá a chuid oícheanta á gcaitheamh anois aige á seachadadh de láimh do chustaiméirí timpeall na cathrach. 

“Tá sé mar chuid de thogra a thosaigh mé anuraidh, nuair a cuireadh ar scor sealadach mé ón obair de bharr na paindéime. Is ailtire mé ach tá an-spéis agam sa Ghaeilge, agus dúirt mé liom féin go bhféadfainn an dá rud a nascadh agus an Ghaeilge a fhoghlaim tríd an ealaín agus an ailtireacht. 

“Tá ag éirí go maith leis, bainim taitneamh as an gcaitheamh aimsire. Bheartaigh mé togra beag ‘100 Áit as Gaeilge’ a dhéanamh cúpla bliain ó shin, agus mé ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine go bhfuil áit ann don Ghaeilge i ngach gné den saol. An rud atá i gceist leis an ailtireacht ná áiteanna a chruthú, theastaigh uaim é sin a chur ar phár agus áit a chruthú don Ghaeilge gach áit sa tír,” a dúirt Tom le NÓS. 

Ó thosaigh Tom ‘100 Áit as Gaeilge’ tá “gach rud a d’fhéadfaí a dhéanamh” tarraingthe aige – idir léarscáileanna, íomhánna peirspictíochta, íomhánna de sheomraí agus foirgnimh, agus go leor eile nach iad. 

“Tarraingím go leor cineálacha éagsúla íomhánna, íomhánna isiméadracha agus múnlaí 3D agus mé ag iarraidh an spás 3D sin a thuiscint. Bhí mé ag iarraidh brí agus cuspóir a thabhairt don choincheap uile-Ghaelach sin, agus mo thuiscint ar Cheathrú Gaeltachta, nó ‘Baile na Síneach’ Gaelach a léiriú.

“Thosaigh mé léarscáil 3D den Srath Bán, ach ansin thosaigh mé ceann níos lú de Dhoire. Dhírigh mé ar an gcuid is sin den chathair, an chuid sin atá taobh istigh de na ballaí nó díreach taobh amuigh díobh. Bhí mé in ann i bhfad níos mó sonraí agus gnéithe den chathair a léiriú ar an gcaoi sin,” a dúirt sé. 

Dúirt sé gur thóg sé seachtain nó mar sin air an léarscáil a tharraingt ach gur chaith sé “a wil’ old time” i mbun taighde don léarscáil. 

“Bhí deacrachtaí agam leis an nGaeilge, ní raibh mé ag iarraidh an rud a chur amach mura mbeadh sé ceart. Tá dioplóma sa Ghaeilge á dhéanamh agam faoi láthair in Ollscoil Mhic Aodha agus chabhraigh sé sin go mór liom. D’iarr mé cuidiú ar chúpla duine i nDoire, agus bhí sé sin go maith, ach cailltear botúin i gcónaí. Mar sin, lorg mé cuidiú ar dhaoine ar na meáin shóisialta agus bhí na cainteoirí Gaeilge ar líne thar a bheith cabhrach. D’fhéadfá a rá gur ‘sluacheartú’ a bhí ann!

“Tá sé i gceist agam léarscáileanna eile a dhéanamh de Bhéal Feirste agus de Ghaillimh, agus cúpla áit eile. Beidh orm dul go na háiteanna sin le taithí a fháil ar na cathracha. Is féidir an Ghaeilge a fháil ó logainm.ie, ach bhí sé deacair i nDoire mar níl ainm oifigiúil Gaeilge ar gach áit,” a dúirt Tom. 

Ní hí seo an chéad léarscáil atá déanta ag Tom. An samhradh seo caite, chuir sé léarscáil mhór de na tíortha Ceilteacha amach ar a shiopa, léarscáil a chuaigh i bhfeidhm ar go leor daoine ar líne. Sluafhoinsiú de chineál éigin a bhí i gceist ansin freisin, a mhínigh Tom do NÓS. 

https://twitter.com/beoigh/status/1288544489271959552

“Bhí mé teachtaireacht á bhfáil agam ó dhaoine sna tíortha éagsúla agus iad ag moladh leasuithe agus ag iarraidh orm a mbaile dúchais a chur ar an léarscáil. Bhí bean as an mBriotáin thar a bheith cabhrach agus sheol sí seanléarscáileanna den tír sin chugam saor in aisce – ní raibh le déanamh agam ach a baile beag féin a chur ar an léarscáil! Chabhraigh go leor Breatnaigh liom an Bhreatnais a chinntiú agus bhí Gaeil na hAlban an-chabhrach freisin. Chuir mé cúpla baile as Manainn ann freisin, agus chuir mé Seatlainn ann freisin mar tá a dteanga féin acu. 

“Tá sé deacair gach duine a shásamh, áfach. Mhol cúpla duine na logainmneacha Lochlainnise atá in Éirinn a chur sa teanga sin ar an léarscáil, ach nuair a rinne mé é sin leis an Inbhear Mór bhí daoine eile ag tabhairt amach faoi! Chuir sé isteach ar dhaoine eile nach raibh a mbaile beag féin le feiceáil, ach ar an mórchuid thaitin an léarscáil go mór le formhór na ndaoine a bhí i dteagmháil liom faoi,” a dúirt sé. 

Chomh maith leis na léarscáileanna agus na híomhánna eile atá mar chuid den togra ‘100 Áit as Gaeilge’, thosaigh Tom ag déanamh greannán an bhliain seo caite freisin. 

View this post on Instagram

A post shared by Greannáin (@greannain)

“Bhí mé ar scor sealadach, agus bhí leadrán mór orm, mar sin thosaigh mé ag tarraingt na ngreannán. Tá leathanach Instagram agam dóibh anois, Greannáin, agus cabhraíonn siad go mór leis an bhfoghlaim teanga. Tá na greannáin níos fearr ná rud ar bith eile dom, dáiríre, mar caithfidh mé abairtí iomlána a chumadh agus a fhoghlaim – cé nach mbíonn siad thar a bheith greannmhar i gcónaí!, a dúirt sé. 

Is féidir saothar Tom a fheiceáil in áiteanna éagsúla ar líne. A chuntais ar Instagram, Twitter, agus Facebook, mar shampla, a bhlag ar WordPress, agus a shiopa Etsy. Beidh an léarscáil de Dhoire ar fáil arís go luath, a deir sé.