Tá an dearthóir Gaelach Tom Mac Oscair, as Doire, tar éis scuab a ardú arís agus léarscáil álainn Ghaeilge eile deartha aige. Bhain Tom cáil amach i measc na nGael cothrom an ama seo anuraidh nuair a dhear sé léarscáil Ghaeilge dá chathair dhúchais. Tá sé ar ais arís i mbliana agus léarscáil álainn deartha aige de chontae a bhfuil cion mór aige air – Dún na nGall.
Tá sé i gceist ag Tom léarscáil ealaíonta Ghaeilge a dhéanamh de na contaetha ar fad ach bheartaigh sé tosú le Dún na nGall mar gheall ar an ngaol gairid atá aige le Gaeltacht an chontae sin agus an grá mór atá aige don áit.
“Ba mhaith liom léarscáil a dhéanamh d’achan chontae, ach tá mo chroí istigh i nDún na nGall mar gheall gur as Cnoc Fola mo mhamó Gráinne. Chomh maith leis sin, tá mé ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta achan bhliain in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille le blianta beaga anuas,” a dúirt Tom le NÓS.
Dath odhar atá ar an léarscáil nua agus ainmneacha bailte, sléibhte, gleannta, agus oileán scríofa go healaíonta uirthi i gcló Gaelach.
Tá sé ar fáil ar shiopa Etsy Tom – Beoigh – mar aon leis na léarscáileanna eile atá déanta aige go dtí seo. Díoladh gach uile chóip de léarscáil Dhoire taobh istigh de cheithre uair an chloig is fiche anuraidh.
Is í Tír Eoghain an chéad chontae eile ar liosta Tom, ach dúirt sé le NÓS anuraidh gur mhaith leis taisteal go cathracha eile timpeall na hÉireann agus léarscáileanna a dhéanamh díobh sin freisin – Béal Feirste agus Gaillimh i measc áiteanna eile. Arú-anuraidh dhear Tom léarscáil mhór na de tíortha Ceilteacha, léarscáil a chuaigh i bhfeidhm ar go leor daoine in Éirinn agus thar lear.
Is féidir saothar Tom a fheiceáil in áiteanna éagsúla ar líne. A chuntais ar Instagram, Twitter, agus Facebook, mar shampla, a bhlag ar WordPress, agus a shiopa Etsy.