Línte Fánacha le File Feirsteach

Ómós d’fhilí agus do cheoltóirí a d’imir tionchar ar an Fheirsteach ildánach Gearóid Mac Lochlainn atá sa taispeántas nua ealaíne ‘Línte Fánacha’, a sheolfar anocht Déardaoin 12 Márta i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Béal Feirste.

Sraith de phortráidí a rinne an gabha focal thar thréimhse sé bliana, meascán a léiríonn daoine óna cheantar dúchais a chuaigh i bhfeidhm air agus daoine a bhí mar ábhar inspioráide aige agus é ag taisteal.

Is bláthú é an chéad taispeántas seo le Gearóid ar shíol a cuireadh blianta ó shin nuair a bhí an file iomráiteach ag obair ar a chéad chnuasach filíochta, ‘Babylon Gaeilge’, a foilsíodh in 1997.

Is é Gearóid a bhí taobh thiar de na léaráidí sa chéad chuasach sin agus i gcnuasaigh eile, amhail ‘Na Scéalaithe’ ón bhliain 2010.

“Is ag pilleadh atá mé ar rud a thosaigh tamall ó shin,” ar seisean.

“Mheasc an chéad leabhar filíocht agus ealaíon le chéile agus is dóigh liom go bhfuil ciorcal iomlán déanta ar bhealach agus focail anois á gcur leis na híomhánna.”

Déanta le dúch agus dobhardhathanna, beidh roinnt línte filíochta in éineacht na bpictiúr, rud a bhfuil an file ag súil go dtabharfaidh “doimhneacht” agus “tuiscint” sa bhreis dó.

I measc an tsaothair a bheas ar taispeáint beidh pictiúir a dhéanann ceiliúradh ar Phádraic Fiacc, file dall as Béal Feirste atá in aois dhá bhliain déag agus ceithre scór.

File is ea é a scríobh faoin chogaíocht ó thuaidh agus a d’fhág a lorg ar fhilíocht Mhic Lochlainn.

gerry-padraic-fiacc

“Agus mé ag toiseacht amach i mbun pinn, bhí mé buartha faoin treo a raibh mé ag dul, faoi cé acu teanga ar cheart domh a bheith ag scríobh inti agus is é Pádraic a dúirt liom an dá rud a dhéanamh,” ar seisean.

“Tá an chomhairle sin liom go fóill ó thaobh na filíochta agus na healaíne de. Ní gá duit líne amháin a thógáil, is féidir achan rud a dhéanamh.”

Tá roinnt carachtar agus ceoltóirí eile a bhaineann le saol an cheantair thart ar Thí Uí Cheallaigh agus Tí Uí Mhadáin i lár na cathrach le feiceáil sa taispeántas chomh maith.

“Blaisín den chineál craic a bhíonn ag gabháil nuair a thagann an ceol, an cairdeas agus an t-ólachán le chéile,” arsa Gearóid.

Tá go leor dánta scríofa ag an Lochlannach ar an ábhar céanna agus is eispéireas nó insint eile air sin atá sna pictiúir.

I measc na bportráidí eile tá Led Billy, ceoltóir Meiriceánach, Lucille Bogan, amhránaí na ngormacha a tháinig i réim sna 1930í, agus Seosamh Ó hÉanaí, amhránaí ar an sean-nós as Conamara a bhain cáil amach i Sasana agus sna Stáit Aontaithe.

Tá iontais bheaga sa taispeántas chomh maith i bhfoirm ‘Rupintojelis’, spiorad de chuid na Liotuáine a mhaireann i mbéaloideas na ndaoine mar fhear a bhíonn i mbun smaointeoireachta.

Nuair a bhí Gearóid thall sa Liotuáin ag déanamh clár faisnéise faoi smuigléirí leabhar, a bhí gníomhach i ngluaiseacht teanga na Liotuáinise, ba mhinic a leag sé súil ar dhealbha adhmaid de ‘Rupintojelis’.

“Tá cuid mhór siombalachais ag baint leis an fhear sin. Bhí sé mar shiombail ag an réabhlóid teanga a bhí ag dul ar aghaidh i measc mhuintir na Liotuáine. Réabhlóid chiúin a bhí ann ach choinnigh sí an teanga beo,” arsa sé.

Tá Gearóid ag súil le leabhar dá shaothar nua agus de dhánta a chur le chéile don bhliain seo chugainn.


Seolfar ‘Línte Fánacha’ ar 7in anocht, 12 Márta, i nDánlann Gerard Dillon, An Chultúrlann, agus is iad an grúpa snagcheoil ghiofógaigh, Manouche, a bheidh ag casadh. Leanfaidh an taispeántas ar aghaidh go dtí 23 Aibreán.

SCÉALTA EILE