Luchtaigh do ghléas, gan sreang

An gcailleann tú do luchtóir go minic? An bhfuil fuath agat ar chairn cháblaí?

Bhuel beidh suim agat sa troscán úrnua atá deartha ag IKEA a chuireann ar do chumas gutháin nó táibléid a luchtú gan iad fiú a cheangal.

Tá pillíní athluchtaithe, ar a bhfuil comhartha plus, curtha ag an chomhlacht Sualannach ar bhoird, deasca agus lampaí, i measc earraí eile.

Má tá tú ag iarraidh cumhacht a chur isteach i do ghléas arís, níl le déanamh agat ach é a chur ar an phillín seo agus tosaíonn an luchtú.

ikea_wireless_charge

Is é an córas gan sreang Qi atá in úsáid sna píosaí troscáin agus meastar go mbeidh rath mór orthu i measc daoine ar mian leo saol níos néata bheith agat.

Soraidh slán don chábla ciotach…


Beidh an troscán nua-aoiseach seo ar fáil i siopaí IKEA i gceann míosa.

SCÉALTA EILE