Mainséar na hiopstairí!

Agus muid ag dul i dtreo ceann de mhórfhéilte na Críostaíochta, beidh radharc go luath ar mhainséir agus ar na deilbhíní beaga sin a insíonn scéal bhreith Íosa Críost in athuair.

Tá muidne in oifigí NÓS measartha cinnte áfach nach bhfuil deilbhíní cosúil leis na cinn anseo feicthe ag mórán cheana!

segways

Tá casadh comhaimseartha curtha ag an chomhlacht Modern Nativity ar an seanscéal reiligiúnach ina bhfuil na Trí Ríthe anois ag gluaiseacht lán stíle ar Segways, péire spéaclaí gréine éagsúil ar an uile dhuine acu agus bronntanais ó Amazon faoina n-ascaill acu.

boeile

Tá lipéad ‘100% orgánach’ ar an bhó bhocht agus é ag ithe ó thrach beathaithe atá saor ó ghlútan! 😄

iosa

Ar na radhairc is fearr tá féinphic le hÍosa beag, Seosamh lena fhéasóg shlachtmhar bhearrtha agus Muire agus latte ina lámh aici.

Agus ar $129.99 don seit iomlán, tá an praghas ag teacht leis an radharc comhaimseartha iomarcach atá cothaithe acu!

SCÉALTA EILE