Máirtín Ó Cadhain, Breandán Ó Beacháin agus an Bradán Feasa i measc priontaí nua ó ealaíontóir Gaelach

Tá na scríbhneoirí Gaeilge Máirtín Ó Cadhain agus Breandán Ó Beacháin, chomh maith leis an mBradán Feasa, i measc na bpriontaí nua atá ar fáil ón ealaíontóir Gaelach Brian Ó Muirí ar a shiopa ar líne, Blag Beag

Baineann Brian úsáid as an teicníc ealaíne ‘líonóilpriontáil’ lena phriontaí Gaelacha a dhéanamh, togra a thosaigh sé le linn na chéad Dianghlasála in earrach na bliana seo caite. Gearrtar dearadh sa líonóil le scian ghéar nó le huirlisí eile agus úsáidtear í leis an íomhá a phriontáil ar pháipéar nó ar ábhar eile. 

Thosaigh Brian ag díol a chuid priontaí ar líne anuraidh agus bhí íomhánna de laochra Gaelacha ar nós Pheig Sayers agus Mícheál Ó Coileáin i measc na gcéad phriontaí a chuir sé i gcló. D’iarr sé ar a leantóirí ar na meáin shóisialta moltaí do phriontaí nua a thabhairt dó an mhí seo caite agus is mar thoradh ar an achainí sin atá Máirtín Ó Cadhain, Breandán Ó Beacháin, Christy Ring, agus Bernadette Devlin ar fáil anois, chomh maith le Síle na gCíoch, an Bradán Feasa agus Leanbh Phrág. 

https://www.instagram.com/p/CE9mPv5AYwn/
SCÉALTA EILE