Is maith le daoine a bheith ina suí síos cois tine an t-am seo bliana, na míreanna mearaí beaga a scaoileadh anuas go talamh agus tabhairt faoin dúshlán iad a chur in ord arís.
Is maith le daoine freisin an píosa deireanach sin a shleamhnú isteach agus an pictiúr mar atá sé ar an bhosca a fheiceáil rompu.
Cad é faoi phuzal mar sin nach féidir a chríochnú choíche?
‘The Infinite Galaxy Puzzle’ a thugtar air, agus tá pobal na míreanna mearaí ar bís faoi.
Tá an chéad scata a cuireadh amach ar an mhargadh díolta agus tá sé fógartha ag lucht a dhéantúis go dtógfaidh sé ar a laghad mí orthu ordú nua a dhéanamh.
Níl tús ná deireadh le puzal seo an réaltra mar go bhfuil an iliomad bealach leis na míreanna mearaí a chur le chéile.
Tagann 133 píosa adhmaid le gach bosca, ina bhfuil trí chruth speisialta: spásaire, tointeálaí spáis agus satailít san áireamh.
Cruthaíonn sé íomhánna éagsúla de Bhealach na Bó Finne, a thóg an spásteileascóp Hubble.
De ghnáth cuireann míreanna mearaí dúshlán romhat na píosaí a chur le chéile ar dhóigh amháin ach tá go leor íomhánna ar méideanna éagsúla ar féidir a chruthú leis an phuzal áirithe seo.
Déantar níos casta fós é mar go bhfuil an íomhá cheannann chéanna ar dhá thaobh na bpíosaí atá curtha amach ag an chomhlacht dearthóireachta Nervous System.
Maíonn dearthóir an puzail, Jesse Louis-Rosenberg, gur féidir é a dhéanamh go deo agus nach mbeidh iomlán na n-íomhánna cruthaithe agat riamh… rud a chuireann cuma i bhfad Éireann níos fearr ar an chostas de $130!
Aimsigh an dúshlán síoraí anseo!