Mo Theach, Do Theach

Kim Mc Aleese i measc dream de ghníomhairí ealaíne i mBéal Feirste atá taobh thiar den ghluaiseacht ‘Household’ a chuireann ealaín chomhaiseartha i láthair an ghnáthphobail ar bhealach as an ghnáth. Téann Méabh Ní Thuathaláin chun cainte léi.


Ó sheomra leaba breise amháin a aistríodh ina spás ealaíne go féile ‘Household’ a raibh os cionn 50 teach páirteach ann i mbliana, tá gníomhairí ealaíne óga ag tionscamh gluaiseachta chun ealaín a bhogadh ón dánlann go dtí an teach.

Ní gach duine a bheadh sásta siúl isteach i ngailéaraí chun taispeántas ealaíne a fheiceáil agus ní i gcónaí a bhíonn fáil ag an ghnáthduine ar fhilíocht, ar dhamhsa ná ar cheol beo. Agus sin díreach a spreag an cúigear gníomhaire ealaíne seo chun teacht le chéile sa chéad áit.

“Tá cur amach againn uilig ar ghnéithe eagsúla de na
hamharcealaíona, mar ealaíontóirí nó mar comhordaitheoirí ealaíne, agus bhí muid ar aon intinn go raibh gá le healaín a léiriú ar bhealach éagsúil agus ar dhóigh a mbeadh fáil ag an phobal air,” arsa Kim.

‘Household’ an t-ainm atá ar an chomhchoiste agus is iad an cúigear ball coiste a eagraíonn an fhéile a théann faoin ainm céanna.

Tá na tithe uilig lonnaithe ar Bhóthar Ormeau, ceann de na príomhbhóithre a ritheann ón chathar fríd deisceart Bhéal Feirste.

Cé gur daonra díomuan an fórmhór anois tá mé féin mar chuid den mhionlach dúchasach – ceantar a d’fhás mo mháthair, mo sheánmháthair agus mo shinseánmháthair aníos ann.

household a hSeomra beag follamh – gailéaraí tí

Cuireadh síol na féile i seamra beag follamh i seanteach sraithe donnrua a thóg Kim agus cara léi ar cíos beagnach trí bliana ó shin.
“Nuair a bhog muid isteach bhí dhá sheomra leapa sa bhreis ann.

Bheartaigh muid go gcruthóimis spás ealaíne as ceann de na seomraí agus go
gcuirfímis fáilte roimh ealaíontóir ar leith an spás a úsáid ar feadh seal agus bheadh taispeántais acu sa ghailéaraí tí,” a mhínigh Kim.

Bhí triúr eile ón cheantar a raibh baint acu leis na hamharcealaíona ag iarraidh amhlaidh a dhéanamh agus bheartaigh siad na cúig theach a oscailt
 thar oíche amháin agus ealaíontóirí éagsúla a tharraingt isteach ón cheantar.

B’shin tús fhéile Household. “Tharla sé go nádúrtha de réir mar a chuala daoine go raibh comharsan leo ag glacadh páirte, bhí siadsan ag cur moltaí chun cinn d’ealaíontóirí eile nó daoine eile a bheadh spéis acu rud éigin a dhéanamh,” arsa Kim.

Ó thús ama nuair nach raibh i gceist ach an seomra beag amháin bhí éagsúlacht mhór ann ó thaobh na dtaispeántas de. Ó starráin, dealbha, ábhar físe agus fuaime go ceolchoirmeacha, mínealaín agus ealín chomhaimseartha tá an éagsúlacht chéanna sin le brath san fhéile.

Fuinneamh agus samhlaíocht an phobail

Ábhar suntais gur mhaíomh Kim nach raibh smacht, ach go pointe áirithe, ag eagraitheoirí Household ar an fhéile.

“Leag muid síos an chreatlach, chinntigh muid go raibh cúrsaí sláinte agus sabháilteacht i gceart, go ndearnadh poiblíocht ar an fhéile ach nuair a thosaigh sí, bhí an dualgas ar na rannpháirtithe na himeachtaí a reáchtáil” a dúirt sí.

“Ní raibh a fhios againn cad a bhí in ann dúinn sa chéad bhliain i bhfírinne
ach spreagadh muid go mór mar gheall ar an dea-thoil a léiríodh ina thaobh.

Ón tús bhí an fhéile ag brath ar fhuinneamh agus ar shamhlaíocht an phobail,” arsa Kim. “Ceist múinine atá ann do theach a oscailt amach do strainséirí. Ach ghlac daoine leis go croíúil agus go cneasta.”

Cuireadh sé iontas ort an oiread fás a rinne féile Household thar an dá bhliain. Mar a bheadh dománó ann, d’fhás spéis san fhéile i measc an phobail
 go raibh 30 teach ag cur imeacht ealaíne ar siúl sa chéad bhliain agus os cionn 50 teach sa darna bhliain le níos mó ná 100 ealaíontóir páirteach ann.

Gan mhaoiniú de shórt ar bith, seachas an méid áirithe a fuair siad leis na cláir a chur i gcló, is le spiorad deonach a cuireadh an fhéie le chéile
agus is go snasta agus go ciallmhar a scaipeadh an eolais faoi.

Dearadh léarscáil ar líne a dtiocfadh leat turas a dhéanamh amach duit féin agus do rogha imeachtaí a thriail agus bhí gach eolais curtha i láthair ar an suíomh, ar twitter agus tógadh app don ghuthán cliste.

Ach is é an difear is mó idir an chéad bhliain agus darna bliain, dar le Kim, ná gur leathnaíodh an fhéile amach go mór le cuidiú na ngnólachtaí áitiúla.

“Ní amháin gur tugadh tacaíocht dúinn i bhfoirm achmhainní agus spáis ach chuir roinnt gnólachtaí imeachtaí iontacha ar siúl a chur go mór leis an fhéile,” a dúirt Kim.

Sa bhácús agus caife áitiúl, ‘Bread and Banjo’, rinneadh nasc idir ceol agus an chistin le ceardlann bainseó inár fhoglaim na rannpháirthithe scileanna nua ar an bhainseo agus an dóigh le subh a dhéanamh.

Theagasc uinéir an tsiopa róthar rialacha rothaíochta an bhóthair do scaife rothaí agus chuaigh siad ar thuras le chéile ina dhiaidh sin ar bhóithre na cathrach.

Baineadh úsáid as oifig an phoist mar láthair d’ealaíontóir
áitiúl chun ‘Club Scríofa Litir’ a reáchtáil agus tugadh deis do mhuintir an phobail litir ‘sa seanstíl’ a scríobh.

Bhí imeachtaí praiticiúla eile ar siúl ar nós siúlóidí stairiúla agus litríochta inár inár léadh gearrscéalta faoi chathair Bhéal Feirste os ard. 
Cuireadh filíocht na Gaeilge i láthair ar thuras timpeall an Lagain agus tugadh dream ag sealgaireacht cois abhann. Imeachtaí a rinne nasc le gnáthdhaoine agus ealaíon.

Ag cruthú ealaíne i spásanna poiblí

Tá sé mar sprioc ag lucht Household na healaíona a léiriú ar bhealach a bhfuil rochtain ag an phobal air agus ó thús ama bhí na gníomhairí ealaíne ag díriú ar spásanna poiblí nach bhfuil in úsáid.

Mar chuid den fhéile bhí léiriú damhsa comhaimseartha le ceol beo ar fhaiche bollaí agus reáchtáladh coisír na féile taobh amuigh de gheata na páirce.

“Rud a léirigh muid ná go bhfuil éileamh ag an phobal anseo ar ealaín a bheith mar chuid den saol acu agus go dtig leat ealaín a chrúthú i do shaol.
“Tá ealaín don uile dhuine agus is féidir don uile dhuine fáil a bheith acu air.”

www.householdbelfast.co.uk

SCÉALTA EILE