Moilligh anois!
Trasrianta glice nua 3D san India


Is breá linn an ceann seo.

Tá tú ag tiomáint síos an tsráid agus go tobann os do chomhair amach tá trasrian coisithe ar snámh san aer romhat nó ag gobadh amach as an talamh.

Is é, mhoilleodh muid féin chomh maith!

Seo cleas glic atá in úsáid in áiteanna éagsúla sa tSín le cúpla bliain anuas agus anois a bheas á chur i bhfeidhm san India chomh maith.

Is é atá i gceist ná go bpéinteáltar trasrian coisithe 3D ar an tsráid chun an chuma a chur air gur bloic fhisiciúla iad seachas díreach stríoca péinteáilte.

trasrian-3

Faoi láthair tá an ráta báis ar na bóithre san India níos measa ná aon tír eile ar domhan agus tá súil ag Aire Iompair na tíre, Nitin Gadkari, go bhfeabhsóidh na trasrianta nua seo an scéal.

Mar a fheictear ó na grianghrafanna seo, tá cuma réalaíoch ar na trasrianta agus is dócha go moilleoidh go leor tiománaithe síos seachas dul sa seans ar na bloic 3D.

Gach rath ar an scéim.

trasrian-4