Dhá bhliain ó shin rinne Ford ceiliúradh ar 50 bliain den Mustang.
Cad a rinne siad in ómós dó?
Bhuel, d’fhógair siad an deichiú glúin den Mustang.
Ní hamháin sin ach d’fhógair siad go mbeadh an Mustang ar fáil go hoifigiúil, den chéad uair riamh mar fheithicil dheas-stiúrtha.
Ar deireadh thiar thall, seoladh an Mustang go hoifigiúil an tseachtain seo in Éirinn.
Cad chuige a deirim “ar deireadh thiar thall?”
Bhuel, bhí an carr le seoladh anseo thart ar 6 mhí ó shin. Ar chúis éigin áfach, ní raibh muintir Ford réidh lena dhéanamh ach, is fearr go deireanach ná go brách.
Tá sé againn anois. Bímis sásta!
Seachas an DeLorean, b’fhéidir, déarfainn gurb é seo an carr is cáiliúla ar domhan.
Bhí sé sna céadta scannán.
Cumadh neart amhrán faoi agus tá sé le feiceáil sna mílte clár teilifíse.
Smaoinigh ar Bullitt le Steve McQueen, Gone in Sixty Seconds (an bunleagan den scannán ón mbliain 1974) agus I am Legend le Will Smith.
Uirlis iontach margaíochta a bhí sna scannáin sin do Ford.
Bhí muid uilig ag breathnú ar an Mustang ag rá linn féin – “Jaysus, nár dheas ceann acu siúd a bheith agam”.
Seo ceann daoibh den chéad tráth na gceist boird eile!
Rinneadh iarracht an Mustang a úsáid sa mhórthríológ Back to the Future in áit an DeLorean, agus iarrachtaí á ndéanamh urraíocht de $75,000 a fháil don scannán.
Chuir an scríbhneoir scripte deireadh leis an gcaint sin áfach, nuair a dúirt sé, “No, no, no, Doc Brown doesn’t drive a f*cking Mustang.”
Níos luaithe an tseachtain seo, bhain mé triail as an dá chineál Mustang a bheidh ar fáil in Éirinn – an 2.3 Ecoboost (inneall) le díon infhillte agus an coupe le hinneall 5.0 lítear.
Anois, níl aon dabht ach go bhfuil an leagan leis an inneall is mó ar an leagan is deise, ach tiocfaidh mé ar ais chuige sin ar ball!
Tá an-chuid daoine amuigh ansin atá in amhras faoin Mustang leis an inneall 2.3 lítear.
Ón seal a bhí agam le gairid leis caithfidh mé a rá go raibh iontas orm faoina chumhachtaí is a bhí sé.
Tugann sé each-chumhacht (horse-power) de 320 agus tá sé gasta ach, mar sin féin, tá an 5.0 leis an V8 i bhfad níos gaiste.
Tugann an capall seo each-chumhacht de 440 agus tá sé an-deacair an carr seo a thiomáint gan meangadh mór gáire a bheith ar d’aghaidh.
Ní raibh an dá charr agam ach ar feadh uair an chloig nó mar sin, ach beidh siad agam ar feadh tréimhse níos faide i gceann cúpla mí agus tá mé ag súil go mór lena dtiomáint arís.
Mar sin féin, is féidir liom cúpla rud a rá go cinnte fúthu ón méid ama a bhí agam leo.
Ar dtús báire, ní hiad na carranna is fearr ar domhan iad.
An dara rud ná, nach bhfuil mórán carranna sa domhan atá chomh speisialta leo.
Tá rud éigin faoi na carranna seo; a mboinéid mhóra agus na línte áille a théann trína gcoirp.
Tá rud éigin faoin bhfuaim álainn a thagann ón inneall 5.0.
Bhí tormán na toirní le cloisteáil uaithi – ach é garbh agus galánta ag an am céanna.
Is carr ceart breischumachtaithe é an Mustang.
Cé gur seoladh an Mustang go hoifigiúil an tseachtain seo, tá fiche ceann acu díolta ag Ford cheana féin.
Fuair fear as Tír Chonaill an chéad cheann agus beidh a ainm, anois, mar chuid de stair fhada Ford anseo in Éirinn.
Tá siad ag súil le céad ceann a dhíol faoi dheireadh na bliana.
Ó thaobh an phraghais de, tá an 2.3 lítear ar fáil ó €49,000.
Creid nó ná creid is praghas réasúnta é seo. Má tá an 5.0 GT uait, tá tú ag caint faoi, ar a laghad, €65,000, atá réasúnta chomh maith – go háirithe má chuireann tú i gcomparáid é le rudaí ar an gcaighdeán céanna ó Audi, BMW, Lexus srl é.