Nathair Nimhe sa Spéir

An bhfaca sibh an scríobaire spéire seo, atá mar a bheadh nathair nimhe ann ag sní fríd an spéir?

‘Túr Chobra na hÁise’ is ainm don ollfhoirgneamh, a dhear Vasily Klyukin, billiúnaí Rúiseach, atá ina ‘ailtire amaitéarach’, dar leis féin.

Coincheap is ea é faoi láthair, ach is mian le Kyukin go nglacfar leis an dearadh i gcathracha móra na hÁise, mar Thóiceo agus Shanghai.

Áit a mbíonn airgead, bíonn féidearthachtaí is cosúil.

Coba 2

Cé nach bhfuil tásc ná tuairisc ar nathracha nimhe in Éirinn ó bhí an bhliain 10,000RC ann, samhlaítear an t-ainmhí le drochthréithe (slíomadóir, fealltóir nó duine mímhacánta) go fóill.

San Áis áfach, samhlaítear an nathair nimhe le beatha síoraí agus is siombail na céile é.

Agus é ar an chruth céanna le cobra, tá beartaithe go mbeidh imeall an fhoirgnimh faoi bhrat óir agus é maisithe le soilse.

Patrún Yin & Yang, i ndathanna dubh agus bán, a bheas ar an chúl agus mar a chuireann reiptílí a gcraiceann díobh, athróidh dathanna na soilse ar an fhoirgneamh istoíche.

Cobra

Tá sé i gceist go dtógfar oifigí i gcorp na nathrach agus go reáchtálfar bialann nó club oíche sa bhéal.

Bígí cinnte le rá linn má théann sibh ag ithe nó ag cóisireacht ann amach anseo!

SCÉALTA EILE