Cad é an ceangal idir Nemo, an ceoltóir Seapánach Demon Kakka agus Elvis Presley?
3…2…1… níl sé agat?
Bhuel tá siad triúr le feiceáil mar chuid de bhailiúchán carraigeacha sa Chinsekikan, nó ‘Halla na gCarraigeacha Aisteacha’, an t-aon iarsmalann den chineál ar domhan.
Suite in Saitama, thart ar dhá uair an chloig siar ó thuaidh ó chathair Thóiceo na Seapáine, tá músaem gleoite aisteach a dhéanann ceiliúradh ar iarsmaí nádúrtha cloiche.
Tá breis agus 1,700 cloch ar taispeáint ann, le tuairim agus 900 acu luaite le ceiliúráin agus aghaidheanna cáiliúla eile, ina measc Elvis Presley, an racaire aitheanta Seapánach Demon Kakka agus an taiscéalaí mara beag Nemo.
Sa tSeapáinis tá focal ar leith ‘jinmenseki’ do charraigeacha a bhfuil tréithe d’aghaidheanna, ar nós aoibh an gháire, súile nó baill bheatha eile le brath orthu.
Thar thréimhse leathchéad bliain a bhailigh bunaitheoir na hiarsmalainne, Shozo Hayama, formhór na gcarraigeacha.
Thosaigh sé amach ag bailiú clocha neamhchoitianta éagsúla agus dé réir a chéile chuir sé spéis níos mó i gcinn a chuir pearsana aitheanta eile i gcuimhne dó.
Ó d’éag Shozo in 2010, tá an seoid bheag seo á reáchtáil ag a iníon Yoshiko Hayama agus tóir mhór ar an áit ó chuairteoirí ó chóngar agus ó chéin!
Agus ag breathnú ar a bhfuil sa bhailiúchán, thuigfeá cén fáth!
Elvis Presley
Nemo
Demon Kakka
‘Борис Николаевич Ельцин’ aka Boris Yelstin
Donkey Kong