Tá iomrá ar an ealaíontóir Astrálach Cj Hendry as a saothar dubh agus bán, amhail an pictiúr de Kayne West a rinne sí ar nóta $100 nó mála siopadóireachta le Chanel.
Is mór an difear idir sin agus a tionscadal is déanaí áfach, atá lán beochta agus dathanna bríomhara.
Coimisiún ar son an bhranda stíle Christian Louboutin é an togra ‘Complimentary Colors’ ach a bhfuil cuid de le feiceáil anseo, mar an gcéanna le cuid den ealaín is fearr, ní mar a shíltear a bítear.
Ar an chéad spléachadh shílfeá gur dabaí péinte iad na píosaí seo ach, creid é nó ná creid, rinne Hendry iad le pionsailí dathadóireachta.
Tá loinnir as an ghnáth sna líníochtaí seo a fhágann gur deacair a chreidiúint nach ndearnadh le péint iad.
Tá scil ar leith ag Hendry agus is féidir í a leanúint ar Instagram anseo.