Agus oícheanta fuara an gheimhridh ag greadadh linn, tá T-léine charthanachta Ghaeilge deartha ag an chomhlacht éadaí Hairy Baby chun tacú le daoine gan dídean.
“Tá muid uilig ar an eolas faoin drochstaid ina bhfuil daoine gan dídean in Éirinn,” arsa urlabhraí ó Hairy Baby.
“Ar an drochuair, is géarchéim anois í agus is onóir mhór dúinn é gur iarr Iontaobhas Peter McVerry orainn T-léine charthanachta a dhearadh dá fheachtas ‘Opening Doors’ an fómhar seo.”
Is é an An tAthair Peter McVerry, gníomhaí sóisialta as Iúr Cinn Trá ó dhúchas, a bhunaigh an carthanas a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic leis an ghanntanas dídine sa tír.
Roghnaigh Hairy Baby an seanfhocal coitianta ‘Níl aon tinteán mar do thinteán féin’ do dhearadh na T-léine úire mar gheall ar an tábhacht atá le ‘baile’.
Meabhraítear don té atá á caitheamh go bhfuil daoine amuigh ansin nach bhfuil áit acu le cónaí ann.
€24.00 an praghas atá ar T-léine agus rachaidh €10 chuig Iontaobhas Peter McVerry as gach ceann acu a dhíolfar i mí Dheireadh Fómhair.
Tá málaí tót Gaeilge ar fáil leis an dearadh chéanna chomh maith ar €8.50, agus téann €2.50 as sin chun leasa don charthanas.
Ní haon rud nua é ag an siopa aitheanta ar líne seo Gaeilge a bheith acu ar a gcuid T-léinte.
As na 20 T-léine is mó díol d’fhir agus do mhná faoi láthair, tá frása nó focail Ghaeilge ar 6 cinn acu.
Tacaímis leis an bhabaí ghruagach Ghaelach seo!