Má thaitin uaireadóirí snasta Slow leat, a bhfuil cur chuige réabhlóideach acu i dtaca le ham, is cinnte go gcuirfidh tú spéis sa teachín crainn seo, a chuireann slí éagsúil chónaithe os ár gcomhair.
A mhalairt de theachín crainn ar bhealach, bheifeá níos cirte a rá gur teach é seo a bhfuil crann ag fás taobh istigh ann.
Faoi láthair tá ceann amháin de na tithe seo suite i bhfolach i gceantar coillteach in Almaty na Casacstáine.
Fear gnó a choimisinigh an teach an chéad lá thiar in 2013, agus tógadh ar chostas €240,000 é.
Tar éis roinnt blianta de bheith ag cuardach infheistíochta, tá an comhlacht deartha A.Masmow, atá lonnaithe sa Chasacstáin, ag súil anois go mbeidh níos mó de na tithe nuálacha seo á dtógáil.
Is é an t-ailtire Aibek Almassov a dhear, agus é mar aidhm aige rogha chónaithe a chur ar fáil a bheadh éagsúil ó ghnáthfhoirgnimh den seandéanamh, mar atá na tithe agus na hárasáin ina gcónaíonn an chuid is mó againn in Éirinn.
Agus é níos airde ná crann giúise, tarraingíonn an teach ar áilleacht nádúrtha na timpeallachta agus ar sholas na gréine.
Teach déanta de ghloine, a bhfuil ceithre mhaide mhiotail agus staighre bíse (spiral) ag rith fríd.
Is breá linn an cruth sorcóra (cylinder) atá air agus an dearadh íostach, ach an rachfá chun cónaithe ann?
Bheadh líne nua ar shean-amhrán agat dá rachfá!
“Ó mo chró crainn ag bun chnoc an tí..”