Péinteáil le Póilín: Bláthanna

Beidh an t-ochtú rang inár sraith ealaíne ‘Péinteáil le Póilín’ ar siúl inniu ag 13.00 ar Instagram NÓS. Is í an dearthóir agus iriseoir Póilín Nic Géidigh as Gaeltacht Thír Chonaill a bheidh linn arís le treoir a thabhairt faoi chúrsaí péinteála agus tarraingt ag am lóin.

An tseachtain seo caite, thaispeáin Póilín cén dóigh le sliogáin cois farraige a tharraingt. Tá an rang sin go fóill ar fáil ar IGTV NÓS ar Instagram.

https://www.instagram.com/p/CBfyc1Rnxb5/

Ar an eagrán seo de Phéinteáil le Póilín, beidh muid ag foghlaim cén dóigh le bláthanna a tharraingt agus a phéinteáil. Fiú más duine thú bhfuil fiabhras léana ort, ní bhainfidh na bláthanna seo duit, agus beidh tú ábalta iad a chur ar taispeáint. 

Beidh Póilín ag úsáid peann luaidhe, peann dúigh agus dathanna uisce leis na bláthanna seo a chruthú.

“Ba mhaith liom go mbeidh daoine ábalta na bláthanna simplí seo a tharraingt agus foghlaim cén dóigh le dath atá measartha réadúil a chuir orthu” a dúirt Póilín. 

Bígí linn ar a haon a chlog ar leathanach Instagram NÓS agus tapaigh an deis le bheith cruthaitheach ag am lóin. 

SCÉALTA EILE