Pluais Tí

Ní gnáth-theach sna cnoic é seo ná baol air!

I bhfolach sna haillte i gCainneon Montezuma, 20 nóiméad taobh amuigh de Monticello Utah, SAM, tá pluais tí a mheallfadh súil dearthóra ar bith.

2,100 troigh chearnógach atá sa spás laistigh; spás go leor do thrí sheomra leapa, dhá sheomra folctha agus garáiste mór.

Teach éiceabhách (nach ndéanann dochar don timpeallacht) is ea é agus tá umair, a bhailíonn an bháisteach, agus painéil ghréine, a chruthaíonn go leor fuinnimh chun an teach a reáchtáil, i measc ghnéithe speisialta an tí.

Ar chúl an tí, tógadh tollán a ligeann d’aer úr a theacht isteach agus é mar bhealach éalaithe i gcás tine chomh maith!

Tá tobar, a bhfuil uisce úr ann, úllord agus fíonghort i measc na n-iontas eile a bhaineann leis an teach speisialta seo.

Coinneoimid orainn ag brionglóidí, a chairde!

SCÉALTA EILE