Tá gach cuma ar an scéal go bhfuil méadú ag teacht le tamall anuas ar an phlé sna meáin faoin chuardach ar bheatha eachtardhomhanda agus faoin fhéidearthacht go lonnóidh an cine daonna ar Mhars sa tréimhse amach romhainn.
Ní hamháin go bhfuil an carr gealaí de chuid NASA, Curiosity, ag cur lenár dtuiscint ar an phláinéad dearg i rith an ama ach tá tionscnamh eile, Mars One, cheana féin i mbun ullmhúcháin chun lonnaíocht dhaonna a chur ar Mhars taobh istigh de 10 mbliana.
Mar léiriú ar an ardú suime sa réaltra máguaird tá póstaeir ghalánta, ar stíl reitreo, deartha ag NASA a thaispeánann spásairí ag obair ar Mhars i róil éagsúla ar nós teicneoirí, múinteoirí agus feirmeoirí.
Coimisiúnaíodh an tsraith ar dtús le haghaidh taispeántais ag Ionad Spáis Kennedy in 2009, cuireadh ar fáil iad don phobal tamall gairid ó shin agus tá siad anois Gaelaithe ag NÓS do na léitheoirí sin a bhfuil a gcloigeann sna spéartha acu!
Is féidir theacht ar na bunleaganacha Béarla ar suíomh NASA anseo.