Pub Gaelach Inséidte Suas

Is sa 10ú haois, a deirtear, a tháinig an pub Gaelach is sine sa tír ar an fhód: Seán’s Bar in Áth Luain, Co na hIarmhí.

Tá tuairim is míle bliain imithe isteach ó shin agus tá coincheap na dtithe tábhairne Gaelacha tar éis spréadh amach ar fud an domhain mhóir.

Go deimhin, is beag mórchathair anois ann nach bhfaighfeá ceol Gaelach san aer, pionta Guinness sna sconnaí agus duine ag ól ann a thuigeann cad is ‘craic’ ann!

paddymor

I mBostún, cathair a bhfuil pobal mór Éireannach ann, tá comhlacht amháin ag tógáil ar rath na bpubanna Gaelacha agus teach tábhairne inséidte suas curtha ar fáil acu ar féidir a thógáil amach ar cíos.

‘Paddy Wagon Pub’ a thugtar air, agus tá sé dírithe orthu siúd ar mian leo atmaisféar an phub Ghaelaigh a chothú le haghaidh bainseacha, cóisirí breithlae nó cibé rud eile.

Mar a bheadh teach tábhairne traidisiúnta ar bith in Éirinn ann, tá fuisce agus leann dubh ar fáil sa bheár agus tá bia a shamhlaítear le hÉirinn ar an bhiachlár, lena n-áirítear arán sóide agus pióg an aoire.

Rinneadh iarracht gnéithe de dhearadh traidisiúnta an phub Ghaelaigh a tharraingt isteach ann, agus tá simléar ann agus cuma brící ar na ballaí.

paddylar

Don té atá sásta íoc as, tá rogha ann ceoltóirí agus damhsóirí a fháil le seisiún agus siamsa Gaelach a chur ar fáil.

Tá muidne in oifigí NÓS in amhras faoin díol a bheadh ar a leithéid, ach neosfaidh an aimsir.

Níl de dhíth ach smaoineamh amháin, a chairde!

SCÉALTA EILE