A hiopstarachaí! Tá aiséirí ré na vinile linn – ach í curtha in oiriúint don nua-aois.
Cé go bhfuil margadh an cheoil bogtha i dtreo an idirlín, tá athbheochan á déanamh ar cheirníní, agus iad mar rogha ag ceoltóirí atá ar lorg bealaí eile lena saothar a chur i láthair go tarraingteach.
Tá caschlár nua snasta seo seolta ag VNLY, seirbhís síntiúis cheirníní vinile a fhreastalaíonn ar na nósanna nua seo.
Pósadh is ea an TRNTBL idir an sean agus nua.
Ní hamháin go gcasann sé ceirníní ach cuireann sé leantóirí ar an eolas fosta faoin cheol atá á chasadh agat trí cheangal a dhéanamh le Spotify.
Tá gnéithe áirithe tarraingteacha eile i gceist leis.
Cuireann sé ar do chumas thú do chuid ceoil a roinnt beo le daoine.
Tá sé mar a bheadh Periscope ann, ach le haghaidh vinile.
Is féidir an TRNTBL a nascadh le gléas fuaime ar bith ach ceangal wifi a bheith ar fáil, agus má tá tiúin gan ainm agat, maíonn déantóirí VNLY go mbeidh ainm an fhoinn aige.
Ar $420, ($351 – praghas réamhordaithe) seans go bhfuil sé rud beag daor, ach más duine mór ceoil thú, seans gur fiú an caiteachas!