Caitheann Scott De Buitléir súil ar cheann de na forbairtí ailtireachta is suntasaí san Eoraip, Harpa, ceoláras álainn na hÍoslainne.
Is féidir le ceol daoine a bhailiú le chéile, agus tiocfaidh daoine ó na ceithre hairde chuig ceoláras má tá an áit agus a cuid léirithe ar chaighdeán maith go leor.
Tarlaíonn a leithéid le ceolfhoirgnimh den scoth, fiú muna bhfuil sé i gceist ag daoine ach a rá go bhfuil an áit feicthe acu; smaoinigh ar Áras Ceoldrámaíochta Sydney, Halla Albert i Londain, Carnegie Hall agus an Metropolitan Opera i Nua-Eabhrac agus go leor eile nach iad.
Más fearr an áit, is fearr an t-eispéireas do mhuintir na gcathracha agus a gcuid turasóirí araon, agus sin agaibh tábhacht na hailtireachta leis.
Leis sin, bhí ar mhuintir Réicivíc bheith thar a bheith cúramach nuair a rinneadh cinneadh ceoláras nua a thógáil don gcathair agus don tír, tír a bhraitheann go mór ar an turasóireacht leis an eacnamaíocht a choinneáil slán.
An toradh ar an gcúram sin ná Harpa, ceoláras nua-aimsearach galánta a d’oscail na doirse i mí Bealtaine 2011.
Cé go bhfuil an ceoláras féin deartha ag Ailtirí Henning Larsen, atá bunaithe sa Danmhairg, tá aghaidh an fhoirgnimh deartha ag ealaíontóir agus dearthóir Íoslannach-Danmhairgach, Olafur Eliasson.
Rugadh Eliasson i gCóbanhávan ag tuismitheoirí Íoslannacha, agus rinne sé staidéar ar Det Kongelige Danske Kunstakademi (Acadamh Ealaíon Ríoga na Danmhairge) idir 1989 agus 1995.
Bhain sé clú áirithe amach sa Bhreatain nuair a sheol sé taispeántas siar in 2003 sa Tate Modern dar teideal ‘Weather Project’ ar ar chuir sé grian bheag déanta de thart ar 200 bolgán solais íseal-shóidiam.
Toisc a chúlra Íoslannach, agus a chuid taithí dheartha a taispeánadh timpeall Chríoch Lochlann, na hEorpa agus na hÁise, roghnaigh rialtas na Íoslainne é chun aghaidh úr a chur ar ealaíona na hÍoslainne.
D’oibrigh sé le Henning Larsen agus comhlacht Íoslannach, Ailtirí Batteríið i Réicivíc, chun a fhís a fhíorú.
Le balla déanta as gloine heicseagánach, cuid acu daite agus cuid eile scáthánta, tá aghaidh an fhoirgnimh in ann radhairc na mórthimpeallachta – cathair Réicivíc agus tírdhreach na hÍoslainne – a fhrithchaitheamh.
Agus an chuma ar an halla ceoil seo go bhfuil ballaí criostail aige, chuirfeadh sé Músaem Titanic Bhéal Feirste i gcuimhne dár muintir féin.
Ach toisc go bhfuil sé déanta as gloine (seachas stáin, mar atá i mBéal Feirste) tá an foirgneamh in ann súgradh le solas agus radhairc na háite.
“Tá spéis agam sa chuma a bhíonn air, ag brath ar an áit óna bhfuil tú ag féachaint air,” a dúirt Eliasson.
“Is ‘comh-léiritheoirí’ iad na daoine a amharcann air, sílim, mar gheall ar an gcoincheap sin.”
Cé nach réadúil an téarma é sin le tabhairt ar gach duine a thagann chuig an halla, tugann sé leid den idirghníomhachas a bhíonn ar siúl idir cuairteoir agus foirgneamh.
Sin uilig ráite, ní théann daoine chuig ceoláras chun breathnú air amháin, cé gur sin páirt den eispéireas.
Téann daoine ann chun éisteacht le ceolfhoireann, le ceoltóir aonair nó ceoldráma cáiliúil.
Cé go mb’fhéidir go mbeadh sé ciotach go leor taisteal chun na hÍoslainne, tá na céadta míle cuairteoir faighte ag Harpa – méid atá níos mó ná daonra na hÍoslainne í féin.
Tá go leor leor ceoltóirí cáiliúla i ndiaidh cuairt a thabhairt ar an halla, ar nós Tony Bennett, Björk, Yoko Ono, Jamie Cullum agus an pianódóir mór le rá Maria Joao Pires.
Baineadh úsáid as casáin adhmad agus cuireadh banda uisce – móta de shaghas éigin – os comhair Harpa; siombal a léirigh aistriú ón aimsir chaite go dtí an lá inniu.
Leis seo agus an príomh-façade a dhearaigh Eliasson, ní iontas é gur bhuaigh Harpa duais ag Stockholm Arkitekturmässan (Féile Ailtireachta Stocóilm) le haghaidh ‘Spás Poiblí is Fearr’.
An rud a chuir go leor iontais ar an domhan idirnáisiúnta áfach nár gur tógadh an halla ceoil Íoslannach ar chotas US $150 milliún (€136m).
Tharla sé seo i dtír ar bancbhriseadh í agus bhí an earnáil ghnó amhrasach gurbh fhiú a leithéid d’fhoirgneamh a fhorbairt i dtír iargúlta go leor.
Ach tógadh an áit agus tháinig na cuairteoirí – b’fhéidir gurbh fhiú é díreach mar gheall air sin amháin.