Agus tréimhse na gcóisirí faoi lán seoil, tá na sráideanna siopadóireachta ar fud na tíre dubh le daoine i gcótaí móra, hataí olla agus miotóga teolaí.
Is iomaí rud tarraingteach atá le fáil sna siopaí faoi láthair, iad lán le gúnaí áille, seodra gléineach, sála arda agus gealra an tséasúir! Más cosúil liomsa atá sibh, beidh sibh meallta ag gach ní gléineach, ildathach, galánta atá le feiceáil iontu!
Idir bhronntanais Nollag, bealach na 12 theach tábhairne, cóisirí agus an méid eile atá ag titim amach idir seo agus an Nollaig, ní mór a bheith cliste tíosach agus muid ag cuardach baill dheasa éadaigh a chuirfidh splanc shéasúrach leis an vardrús.
Seo cúpla leid ardfhaisin ar phraghas íseal!
Riteoga Faiseanta
Is iomaí bean nach dtaitníonn riteoga léi, agus ní thuigim ar chor ar bith an fhadhb atá acu leo.
Cuireann péire ildaite cuma funky ar ghúna beag dubh, agus is féidir le péire a bhfuil patrún éagsúil air cuma iontach a chur ar do chosa má chaitheann tú le gúna gearr agus sála arda é.
Tá réimse leathan in Penneys faoi láthair – cinn atá drithleach agus cinn eile a bhfuil le patrúin dheasa orthu.
Tá cinn iontacha ann freisin a bhfuil cuma na gnáthriteog dubh orthu ach a bhfuil veilbhit bhog ar an taobh istigh díobh ionas go mbeidh tú breá teolaí an lá ar fad.
Éadaí an tsamhraidh
Ní gá do chuid gúnaí agus sciortaí samhraidh a chur i bhfolach don gheimhreadh fós!
Cuir geansaí mór le gúna gearr samhrata agus beidh tú gleoite, gan aon fhuacht ionat!
Oibríonn an cleas seo do na fir chomh maith.
Ní gá an T-léine is fearr leat a chur i bhfolach sa chófra – caith le léine nó geansaí é. Is féidir freisin riteoga agus barréide bhreise a cheilt faoi ghúna fada.
Is breá liom féin na gúnaí le muinchillí fada a chaitheamh le gillet mór – breá cosy agus cuma fhaiseanta air, fiú le gúnaí an tsamhraidh a bhfuil bláthanna air!
Níl uait ach gúna deas amháin!
Idir na riteoga deasa thuasluaite agus an seodra glioscarnach álainn atá le fáil ar fud na háite faoi láthair, ní gá gúna nua a chaitheamh chuig chuile chóisir a bheidh ar siúl aimsir na Nollag.
Roghnaigh ceann amháin a thaitníonn leat, athraigh do bhróga agus caith béaldath geal, éagsúil leis.
Caith le riteoga drithleacha oíche amháin é agus gan riteoga oíche eile, ag brath ar an suíomh.
Ní bheidh leadrán ort leis ar feadh na míosa!
Seodra cliste
Mar an gcéanna leis an ngúna amháin, níl mórán seodra de dhíth ach oiread.
Roghnaigh fáinní cluaise móra, glioscarnacha atá beagán neamhghnách, mar shampla, agus caith iad le cúpla rud atá i do chófra agat cheana féin. Caith gúna dubh le slabhra mór álainn nó bríste géine agus léine dhubh le fáinní cluaise móra lonracha.
Ní don chrann Nollag amháin na maisiúcháin ghlioscarnacha!
Treochtaí na Nollag
D’fhéadfá amhlaidh a rá faoi chuid de na treochtaí a thagann chun cinn chuile bhliain – veilbhit don Nollaig, seacainí (sequins) d’Oíche Cinn Bliana.
I mbliana, tá siad sin le feiceáil arís i ngach áit, chomh maith le bláthanna appliqué nó bróidnithe ar ghúnaí agus léinte.
Tá gúna álainn dubh veilbhite le appliqué air in Penneys faoi láthair ar €17 (chuile threocht in aon phíosa amháin!).
Is cinnte go mbeidh na treochtaí seo á gcaitheamh ag chuile chailín eile ag an gcóisir áfach, mar sin ná bíodh faitíos ort gan an treocht a leanacht agus rud éigin álainn, éagsúil a chur ort féin. Seas amach!
É sin ráite, más gafa le bróidnéireacht atá tú, ná bí buartha faoi dhaoine eile ach oiread – caith é agus bain sult as.
Ach ar deireadh thiar thall, is cuma céard a bheidh á chaitheamh agat chomh fada is a bheidh tú féin ag baint sult as spiorad an tséasúir.
Bíodh tréimhse na Nollag álainn agaibh go léir!