Seaicéad grianchumhachtaithe!


Tá níos mó dearthóirí ná riamh ag cur gnéithe éiceolaíocha lena gcuid oibre, agus tá Volleback Shasana anois á áireamh ina measc.

Ar an chéad spléachadh, is gnáthsheaicéad allamuigh é an Solar Charge ach, mar a thugann an t-ainm le fios, tá rud éigin sa bhreis ag an chasóg seo.

Tá cumasc tineghealánach san éadach a bhailíonn cumhacht ón ghrian le linn sholas an lae agus ansin a úsáideann arís é ionas go mbeidh an seaicéad in ann lonrú sa dorchadas.

An-éadrom ag 230 gram meáchain, tosaíonn an seaicéad (atá liath ar dtús) ag lonrú go réidh le titim na hoíche, ag tiontú glas agus ansin bán, agus is féidir solas an tseaicéid a fheiceáil ar feadh 12 uair ar luchtú iomlán gréine.

Níl sé de sprioc ag an chasóg solas a chaitheamh ar an spás máguaird ach go mbeidh an té atá á caitheamh sofheicthe san oíche, rud a dhéanfaidh siúlóidí faoin tuath níos sábháilte ar an iomlán.

Agus an rud is fearr ar fad ná nach bhfuil de dhíth air le feidhmiú ach solas an lae.

Féach ar an fhíseán thuas agus tá níos mó eolais le fáil ar shuíomh Volleback.

SCÉALTA EILE