Seo an pas is cúláilte riamh

Bhí a fhios againn i gcónaí gur dream sofaisticiúil slíoctha iad na Lochlannaigh, agus anois tá an pas acu lena chruthú.

Anuraidh d’fhógair rialtas na hIorua comórtas chun dearadh nua a aimsiú do phasanna an náisiúin, rud éigin a chuimseodh éirim na tíre.

Agus sin díreach an rud atá déanta ag na hiomaitheoirí buacha, an stiúideo deartha Neue as Osló.

pas-iorua2

Tá grafaicí gleoite comhaimseartha de thírdhreach na hIorua taobh istigh den leabhrán, iad léirithe i ndathanna pastalacha, agus má chuirtear an pas faoi sholas UV athraítear na híomhánna go dath níos dorcha agus nochtar na Saighneáin (Na Gealáin Thuaidh).

Ar an chlúdach tá an suaitheantas náisiúnta thar dhathanna láidre nua-aimseartha – dearg don mhórchuid, turcaid le haghaidh taidhleoirí agus bán faoi choinne an phobail inimircigh.

pas-iorua3

Má bhí fianaise oifigiúil de dhíth go bhfuil dearadh forásach mar dhlúthchuid den tsícé Ioruach, seo é.

Meastar go n-eiseofar na pasanna nua roimh dheireadh 2016.

Anois, nuamhaisiú ar an phas Éireannach aon duine?

SCÉALTA EILE